Orgánach uatrófach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Orgánach atá in ann ábhair choimpléascacha orgánacha a shintéisiú ó shubstráití simplí neamhorgánacha. Cuimsíonn na horgánaigh seo plandaí glasa a úsáideann dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar mar phríomhfhoinse carbóin chun comhdhúile orgánacha a shintéisiú, agus miocrorgánaigh a fhaigheann fuinneamh le haghaidh a meitibileachta trí ocsaídiú substráití neamhorgánacha cosúil le hiarann, sulfar is nítrigin (na horgánaigh cheimeatrófacha).