Uatrófach
Appearance
Is éard is uatrífach ann ná orgánach atá in ann ábhair choimpléascacha orgánacha a shintéisiú ó shubstráití simplí neamhorgánacha. Cuimsíonn na horgánaigh seo plandaí glasa a úsáideann dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar mar phríomhfhoinse carbóin chun comhdhúile orgánacha a shintéisiú, agus miocrorgánaigh a fhaigheann fuinneamh le haghaidh a meitibileachta trí ocsaídiú substráití neamhorgánacha cosúil le hiarann, sulfar is nítrigin (na horgánaigh cheimeatrófacha).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Orgánach uatrófach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le heolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |