Optaic oiriúnaitheach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcóras optach leis an áis seo, mar theileascóip, na hathruithe leanúnacha a dhéantar chun iarmhairtí na ndíchumthaí a tharlaíonn le linn do gach ga solais a bheith ag taisteal ón bhfrithne go dtí an córas íomháithe a cheartú. Déantar na ceartúcháin seo ar gach ga is i gcomhair gach eilimint den íomhá le cabhair ríomhaire is eolas ar na díchumthaí atá ag tarlú. Mar shampla, is féidir díchumadh de bharr suaiteacht an atmaisféir a chealú i dteileascóip atá suite ar an talamh is a dtaifeach a fheabhsú faoina 10. Tá sí insealbhaithe i dteileascóip thábhachtacha, ina measc teileascóp William Herschel i La Palma, an comhtheileascóp Ceanadach/Francach/Haváíoch ar Mauna Kea, agus spásteileascóp Hubble féin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Optaic oiriúnaitheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.