Ola Majekodunmi
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Lagos |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Íosagáin |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | pearsa raidió |
| Teangacha | An Ghaeilge |
Craoltóir, Gaeilgeoir, scríbhneoir agus léiritheoir Nigéarach-Éireannach is ea Ola Majekodunmi.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Majekodunmi in Lagos san Nigéir. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn chun tearmann a iarraidh agus í seacht míonna d'aois. D'fhreastail sí ar Ghaelscoil Lios na nÓg agus ar Choláiste Íosagáin. Tá céim sa Bhéarla, na meáin agus staidéar cultúrtha aici agus fuair sí Máistreacht sa Léiriúchán Craolacháin Digiteach in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire.[1]
Thosaigh sí ag obair mar láithreoir raidió ar Raidió na Life in 2014 ar an gclár Seinnliosta an tSathairn. Anois cuireann sí an clár Afra-Éire i láthair agus tá sí ina haoichuiditheoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ a Dó agus RTÉ 2XM. Bhí sí ar na daoine is mó a sholáthraíodh ábhar don phodchraoladh Motherfoclóir a bhíodh Darach Ó Séaghdha á dhéanamh, agus bhí sí ar an gclár Pantisocracy ar RTÉ a hAon le Panti.
In 2018 stiúir sí an gearrscannán What does Irishness Look Like? chun léargas a thabhairt ar chlaontuairimí agus ar cheisteanna féiniúlachta in Éirinn. Is comhbhunaitheoir í de "Beyond Representation", tionscadal chun mná de chine daite a thabhairt le chéile agus aitheantas a thabhairt dóibh.
Tá trácht déanta ag Majekodunmi ar fhadhbanna ciníochais in Éirinn agus ar théarmaí a d'fhógair sí a bheith míchuí i nGaeilge ar dhaoine gorma.[2][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Raidió na Life". www.raidionalife.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-11. Dáta rochtana: 2020-06-11.
- ↑ Siún Ní Dhuinn (2018-02-01). "Cad is brí le 'colourism'?" (as Gaeilge). RTÉ.
- ↑ "Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?" (Gaeilge). Tuairisc.ie.
- Craoltóirí Éireannacha
- Craoltóirí Gaeilge
- Lucht Raidió na Life
- Lucht Raidió na Gaeltachta
- Láithreoirí RTÉ 2fm
- Láithreoirí RTÉ Raidió 1
- Filí na hÉireann
- Filí Gaeilge
- Filí Béarla
- Daoine beo
- Daoine Gorma Éireannacha
- Gaeilgeoirí
- Gníomhaithe Gaeilge
- Banfhilí
- Mná Éireannacha
- Mná
- Alumni Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
- Podchraoltóirí Éireannacha