Ola (breosla)
Appearance
Breosla iontaisithe, meascán coimpléascach hidreacarbón. Cruthaithe trí théamh is brú as fuílleach orgánach thar na milliúin bliain. Tugtar ola amh nó nádúrtha air. Líonann sí na póireanna idir na gráinní i gcarraigeacha dríodair. Bailíonn sí nuair a chuireann sraith carraige dophollta cosc nó caipín ar a ascnamh suas. Faightear le gás nádúrtha is hidreacarbóin sholadacha í (tugtar peitriliam ar an meascán sin), agus uisce. Tar éis a scagtha, úsáidtear í mar bhreosla príomhúil sa tionscal, agus mar sin tá sé an-tábhachtach sa gheilleagar, agus cinnte, i bhforthéamh an Domhain.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |