Oileáin Pribilof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil na nOileán Pribilof

Grúpa ceithre oileán bolcánach amuigh ó chósta mhór-roinn Alasca is ea na hOileáin Pribilof (roimhe na hOileáin Fionnaidh Rónta Thauidh). Tá siad suite i Muir Bheiring thart ar 200 míle (320 km) taobh ó thuaidh ó Unalaska agus 200 miles (320 km) siar ó dheas den Roinn Newenham.

Tá cósta na Sibéire timpeall is 500 míle siar ó thuaidh ó na hoileáin. Tá beagnach 200 km2 (77 sq mi) d'achar sna hoileáin, agus táid carraigeach faoi bhrat tundra. Bhí 572 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2010.

Na hoileáin is mó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad San Pól agus San Seoirse an dá oileán is mó. Ainmníodh an chéad cheann i ndiaidh Féasta Peadar agus Pól, an lá ar ar tháinig na chéad Eorpaigh orthu; is dócha go dtagann an dara ceann as ainm long na dtaiscéalaithe, iad seo faoi cheannas Gavriil Pribilof as a dtugadh ainm an oileánra ar fad.[1] In aice le San Pól, tá na mionoileáin úd, Oileán na Dobharchú agus Oileán an Rosualt. Tá 75.072 míle cearnógacha sna hoileáin. Is cuid de aonad an Mhuir Bheiring den Tearmann Mara Dúlra Náisiúnta Alasca iad na hoileáin.[2]


  1. Chisholm, Hugh, eag. (1911). "Pribilof Islands". Encyclopædia Britannica (11ú eag.). Cambridge University Press.
  2. Bering Sea Unit, AMNWR Curtha i gcartlann Lúnasa 27, 2008, ar an Wayback Machine U.S. Fish and Wildlife