Oileáin Ailiúit
(en) Aleutian Islands | ||||
![]() | ||||
Cineál | Chain of islands (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Stát sna Stáit Aontaithe | Alasca | |||
| ||||
Farraige | Muir Bheiring agus An tAigéan Ciúin | |||
Le cuid | Unalaska Island (en) ![]() Unimak Island (en) ![]() Adak Island (en) ![]() | |||
Tréithe | ||||
Airde | 2,857 m | |||
Toisí | 1,200 (![]() | |||
Airde uasta | Mount Shishaldin (en) ![]() | |||
Biosphere reserve (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir | Fitxa | |||
Is slabhra oileán san Aigéan Ciúin Thuaidh iad na hOileáin Ailiúit. Síneann siad siar 1,200 míle slí (1,900 ciliméadar) ó chósta iardheiscirt Alasca. Tá 14 oileán móra ann agus beagnach 300 ceann ar fad ann. Is de bhunús bolcánach iad agus tá 57 bolcán inniu ann. Cruthaíodh an ceann is óige díobh, Oileán Fire, sa bhliain 1883. Tá na hoileáin beagnach ar fad suite in Alasca, stát de chuid na Stát Aontaithe. Ar an bpointe is faide siar, tá grúpa beag oileán, na hOileáin Komodorski, atá sa Rúis in Kamchatka kraj.
Maireann an séasúr fáis sna hOileáin Ailiúit 135 lá sa bhliain, ó luath-Bhealtaine go deireadh mí Mheán Fómhair. Is annamh a fhásann crann chomh hard le 10 troighe sna hoileáin mar gheall ar na gaotha láidre a bhíonn ann.
Bhí cónaí ar 8,000 duine sna hAiliúití sa bhliain 2001. Tá timpeall is 600 sa chuid Rúiseach. Is iad na hAiliútaigh an pobal atá dúchasach sna hoileáin. Tá siadsan agus a dteanga gaolta leis na hInuktitut. Ag brath ar an tír ina bhfuil daoine ina gcónaí, tá an Rúisis agus an Béarla in uachtar inniu áfach. Le teacht na nEorpach, chaith na daoine agus na hoileáin blianta fada faoi riail na Rúiseach. Ghlac na Seapánaigh ar roinnt oileán sa slabhra sa Dara Cogadh Domhanda.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |