Gavriil Pribilof

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGavriil Pribilof
Beathaisnéis
Breith18 haois
Okhotsk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1796

Sitka, Alaska Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaiscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata

Maraí Rúiseach ab ea Gavriil Loginovich Pribylov (Rúisis: Прибыло́в, Гаврии́л Ло́гинович; scríobhtar an t-ainm deireanach leis mar Pribylof freisin) (r. 1747 nó 1748 agus b. 1796). Eisean a bhí gceannas ar an gcéad ghrúpa Eorpach dár tháinig ar Oileán George agus Oileán Paul i Muir Bheiring i 1786 agus 1787, faoi seach. Na hOileáin Pribilof a thugtar anois ar an dá oileán sin móide roinnt oileáin bheaga thart timpeall orthu.

Rugadh Pribilov in Otkhotsk, i gCianoirthear na Rúise. Captaen an long San Seoirse (Sv. Georgui Pobedonosets) ab ea é.[1] Rinne sé an turas faoi urraíocht beirt cheannaithe fionnaidh rúiseacha, mar atá Grigori Shelikhov agus Pavel Lebedev-Lastochkin.

Níorbh é Pribilog aimsitheoir na n-oileán, ar ndóigh, mar bhí 'fhios ag na bundúchasaigh sa chuid sin d'Alasca go raibh siad ann. Na hOileáin Amiq an t-ainm a bhí acu orthu. Threoraigh mac le taoiseach Ailiútach Pribilov i dtreo ginearálta na noileán, a raibh áit acu i dtraidisiúin na nAiliútach le fada. Bhí na hoileáin neamháitrithe ag an am. D'fhág Pribilof 20 duine, idir Ailiútaigh agus Rúisigh, iad i mbun seilge, ar na hoileáin agus ba shin tús cónaí rialta ag daoine orthu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Black, Lydia. Russians in Alaska, 1737–1867, lch. 104