Nuafhriotal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is nuafhriotal ann ná téarma nua-chumtha, focal nó frása atá curtha i bhfriotal, a d'fhéadfadh a bheith réidh le dul isteach in úsáid choitianta, ach nach bhfuil glactha fós mar theanga phríomhshrutha. Tá an iliomad samplaí ag teacht chun cinn an t-am ar fad: suasóg, fón póca, claonbholscaire… Úsáidtear an téarma i bpaiteolaíocht teanga freisin nuair a cheapann an t-othar focal gan bhrí nó le brí an-doiléir, rud a tharlaíonn in afáise, scitsifréine agus roinnt neamhord eile. Is minic a bhíonn an nuafhriotal inchurtha go díreach le duine ar leith, foilseachán, tréimhse, nó eachtra. Tá nualéacsacan ina théarma go hiomlán coibhéiseach leis.