Nua-Chlasaiceachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Sa cheol, gluaiseacht sa 20ú céad a rinne iarracht idéil is stíl na tréimhse clasaicí san 18ú céad a athbheochan. Ós é Bach a sholáthair an tsamhail is an t-idéal clasaiceach, is féidir a rá gur nuabharócachas a bhí i gceist. Ba é an frithrománsachas an príomhspreagadh. I measc na bpriomhléiritheoirí bhí Stravinsky i 1920-1930, Prokoviev is Hindemith. San ealaín is an ailtireacht, athbheochan a thosaigh timpeall 1750 is a lean go dtí déanach sa 19ú céad. Thosaigh sé sa Róimh mar fhrithghníomh i gcoinne formhaisiúchán barócach is rocócó baoth, agus scaip go tapa ar fud iarthar na hEorpa is tuaisceart Mheiriceá. Thug na tochailtí i bPoimpé, Ercolano is Paestrum spreagadh don ghluaiseacht. Chuir aiste údarásach Winckelmann ar shaontacht uasal is taibhse chiúin na healaíne Gréagaí i 1755, agus a leabhar cáiliúil ar stair na healaíne ársa i 1764, leis an ngluaiseacht. Sa phéintéireacht, is é an sampla is fearr ná obair chumasach dhrámata David, cosúil le Le Serment des Horaces (Mionn Chlann Horáit). Ach bhí taobh fuar tur leis freisin, mar atá i ndealbhóireacht Canova. San ailtireacht, mhol na léiritheoirí bealach oibre réasúnta, bunaithe ar an mbothán bunúsach agus prionsabail shoiléire struchtúrtha. Bhí foirm gheoiméadrach shimplí ag na foirgnimh nua-chlasaiceacha, maisiú teoranta, imlínte gan bhriseadh, cuma lom den chuid is mó, agus uaireanta buntomhais ollmhóra. I measc na bpríomhléiritheoirí bhí Étienne Louis Boullée is Claude Nicolas Ledoux sa bhFrainc, agus John Soane i Sasana.