Norrie MacÌomhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNorrie MacÌomhar

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus cumadóir amhrán Albanach é Norrie MacÌomhar (Béarla: Norrie MacIver) atá ina phríomhamhránaí ar Skipinnish faoi láthair. Sula ndeachaigh sé isteach i Skipinnish, bhí sé ina phríomhamhránaí ar Mhànran agus Bodega.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhás MacÌomhar suas i gCàrlabhaigh, Oileán Leòdhais, Na hOileáin Siar, Albain. Rinne sé staidéar i Sgoil Chiùil na Gàidhealtachd ar an Phloc ar feadh trí bhliain ó bhí sé 15 bliana d'aois.[1]

Gairm a Bheatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé céim amach ó Conservatoire Ríoga na hAlban i nGlaschú i 2009. Le linn dó a bheith i nGlaschú, ba é an phríomhamhránaí i mbanna ceoil Bodega a bhuain duaiseanna BBC Radio 2 Young Folk. I 2010, chuaigh sé isteach i Mànran. Bhain siad cáil amach nuair a d'eisigh siad an singil Latha Math, a scríobh MacÌomhair é féin. Dhíol an banna breis agus 5,000 cóip den singil sa chéad seachtain ar iTunes agus i mí na Nollag 2011 vótáladh MacÌomhair mar amhránaí Gaelach na Bliana ag gradaim ceol traidisiúnta MG Alba. D'éirigh le Mànran fosta an bhliain sin, bhain siad albam na bliana ag na gradaim céanna.[1]

In 2014, thaifead agus d'eisigh sé a chéad albam aonréad 'Danns an Rathaid' a d'eisigh sé ar a lipéad féin, Tago Records. Chomhléirigh MacÌomhar an t-albam le Brian McAlpine agus Julie Fowlis. Amhráin ar chum MacÌomhair féin chomh maith le leaganacha d'amhráin eile, i nGaeilge agus i mBéarla, a bhí ar an albam.

I mí na Nollag 2015, d'fhág MacÌomhar Mànran le díriú ar a ghairm aonair agus ar thionscadail eile. I mí Feabhra 2016 chuaigh sé le Skipinnish mar phríomhamhránaí nua i ndiaidh do Robert Robertson imeacht le Tide Lines a bhunú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Norrie MacIver - Biography" (en). norrie-tago-maciver.