Am Ploc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAm Ploc

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57°20′17″N 5°39′07″W / 57.338°N 5.652°W / 57.338; -5.652
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Ceantair chomhairle na hAlbanComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistIV52 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinplockton.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is sráidbhaile suite i gComhairle na Gàidhealtachd in Albain é Am PlocPloc Loch Aillse (Béarla:Plockton).[1][2] Tá an baile suite in aice le Loch Carrann. Amharcann Am Ploc soir amach ar an bhfarraige, ar shiúl ón phríomhghaoth, agus in éineacht le Síobadh Mór an Atlantaigh tugtar aeráid an-chineálta dó, in ainneoin a dhomhanleithead i bhfad ó thuaidh, rud a fhágann go n-éireoidh go maith leis an speiceas Cordyline australis bheith faoi bhláth anseo.

Is iad a chomhordanáidí ná: 57° 20′ 16.84″ Thuaidh agus 5° 39′ 8.32″ Thiar.

An baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an chuid is mó de na tithe san 18ú agus 19ú haois. Is ceantar caomhnaithe é lár na cathrach, thart ar Sràid a' Chala [3] agus Sràid Innes Ba í an iascaireacht an tionscal ba thábhachtaí ag an am sin. Sa lá atá inniu ann tá turasóireacht an-láidir sa bhaile, go príomha toisc gur taifeadadh an tsraith theilifíse Hamish Macbeth le Robert Carlyle anseo agus ghlac go leor daoine ón dúiche páirt ann. Taifeadadh cuid den scannán The Wicker Man (an t-ancaire ag tús an scannáin) agus an Inspector Alleyn Mysteries anseo freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Plockton” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2022-10-23.
  2. https://mapcarta.com/N5549703079 Mapcarta
  3. Sràid a' Chala, Am Ploc