Julie Fowlis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJulie Fowlis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Meitheamh 1978
45 bliana d'aois
Uibhist a-Tuath, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh na Gáidhealtachd agus nan Eilean
Acadamaidh Inbhir Pheofharain
Oilthigh Shrath Chluaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol
Gairmamhránaí, ceoltóir, amhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2005 –
SeánraCeol tíre agus ceol Ceilteach
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
UirlisCeol gutha, feadóg stáin, Great Highland bagpipe (en) Aistrigh, Scottish smallpipes (en) Aistrigh, fliúit, óbó, corn Sasanach agus cairdín
Teaghlach
CéileÉamon Doorley Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjuliefowlis.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2674111 Facebook: juliefowlis Twitter: juliefowlis Instagram: juliefowlis Youtube: UC0AgLcvtuLDXgU6-5yZhEqQ Souncloud: julie-fowlis Spotify: 3IqWMVFksTbtL2EaFi5o8k iTunes: 216998311 Musicbrainz: 03141572-deb3-4460-a430-a6ed02a94f88 Songkick: 237025 Discogs: 1196599 Allmusic: mn0000868391 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus il-ionstraimí í Julie Fowlis (a rugadh sa bhliain 1979) as Uibhist a-Tuath, na hOileáin Siar, Albain, agus a chanann go príomha i nGaeilge na hAlban.[1][2]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhás Fowlis aníos ar Uibhist a Tuath, oileán sna hOileáin Siar, i nGàidhealtachd na h-Alba. Oileánaí ab ea a máthair ó chlann iascairí agus chroiteoirí a tháinig ón oileán iargúlta Heisgeir,[3] agus ba as Baile Chloichridh ar mhórthír na hAlban ó dhúchas dá hathair. Bhí óstán ag a tuismitheoirí ar feadh blianta fada ar Uibhist a Tuath. Bhog sí lena tuismitheoirí go Siorrachd Rois ar an mórthír, nuair a bhí sí 15 bliana d’aois tar éis dá hathair post nua a ghlacadh. Bhí cónaí ar an teaghlach i Srath Pheofhair agus chríochnaigh Fowlis a meánoideachas in Acadamaidh Inbhir Pheofharain.[4][5][6] D’fhreastail sí ansin ar Oilthigh Shrath Chluaidh i nGlaschú agus rinne sí staidéar ar an óbó agus ar an gCorn Sasanach, ag saothrú B.A. sa Cheol Feidhmeach sa bhliain 2000. Tar éis na hollscoile d’fhreastail Fowlis ar an gcoláiste Gaeilge Sabhal Mòr Ostaig ar an Eilean Sgitheanach chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus chun staidéar foirmiúil a dhéanamh ar cheol traidisiúnta na hAlban. Ina dhiaidh sin d’fhill sí ar Siorrachd Rois, ag glacadh poist leis an eagraíocht Fèis Rois in Inbhir Pheofharain mar oifigeach forbartha ceoil idir 2001 agus 2004.[4][7][8]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ball í den ghrúpa Albanach-Éireannach, Dòchas, a bhuaigh an duais "Best Newcomer award" ag bronnadh gradaim na "Scots Trad Music Awards" sa bhliain 2004. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Fowlis a céad albam aonair, "Mar a Tha Mo Chridhe". Rinne Iain MacDonald an albam a léiriú. I ndiaidh sheoladh an albaim seo, tháinig cáil dhomhanda ar Fowliis. B'é 2005 an bhliain ba ghnóthaí i saol Julie go dtí sin, óir d'fhoilsigh "Dòchas" albam úr sa bhliain sin fosta.

Tháinig "Cuilidh" amach sa bhliain 2007 agus bronnadh gradaim air ar fud an domhain. Sa bhliain 2008, rinne Fowlis ceirnín úr a thaifeadadh le Muireann Nic Amhlaoibh, Ross Martin agus Éamon Doorley. Tugadh "Dual" ar an cheirnín. Thaifead sí leagan Ghaeilge na hAlban de "Blackbird", amhrán de chuid The Beatles sa bhliain chéanna chomh maith.

Tá sí pósta le hÉamon Doorley, fidléir sa ghrúpa traidisiúnta Éireannach Danú. Tá iníon amháin acu darb ainm Éabha.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Fowlis ina cónaí in Inbhir Pheofharain, Albain lena fhear céile Éamonn Doorley, ball rialta dá ghrúpa chomh maith leis an ngrúpa traidisiúnta Éireannach Danú. Phós an lánúin i mBealtaine 2007 agus tá beirt iníonacha acu, Aoibhe (r. 2010) agus Niamh (r. 2012).

Chuaigh Fowlis i mbun feachtais ar son an neamhspleáchais i reifreann neamhspleáchais na hAlban sa bhliain 2014.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Singil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Turas san Lochmor (2007 - ón albam Cuilidh)
  • Hùg Air A' Bhonaid Mhòir (2008 - ón albam Cuilidh)
  • Lon Dubh / Blackbird (2008 - Leagan clúdaigh den amhrán"Blackbird" le na Beatles i nGaeilge na hAlban)

Le Dòchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dòchas (2002)
  • An Darna Umhail (2005)

Mar Aoi-Cheoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Evolving Tradition 3 - Ealaíontóirí éagsúla (2003)
  • Best in Show - Ealaíontóirí éagsúla (2003)
  • Ceòlmhor Ostaig - Ealaíontóirí éagsúla (2004)
  • Braighe Loch Iall - Rachel Walker (2004)
  • When All is Said and Done - Danú (2005)
  • Orain nan Rosach - Fiona Mackenzie (2006)
  • Fáinne An Lae : Daybreak - Muireann Nic Amhlaoibh (2006)
  • Òg-Mhadainn Shamhraidh - Kathleen MacInnes (2006)
  • Everything You See - Runrig (2007)
  • An Cailín Rua - Kathleen Boyle (2008)
  • Transatlantic Sessions 3 Vol. 1 (CD) - Ealaíontóirí éagsúla (2008)
  • Transatlantic Sessions 3 Vol. 2 (CD) - Ealaíontóirí éagsúla (2008)
  • Transatlantic Sessions 3 (DVD) - Ealaíontóirí éagsúla (2008)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Julie Fowlis, Cuilidh". Folk and Country Review.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". “the 28-year-old”
  3. "Celebrated Gaelic singer Julie Fowlis visits Heisgeir in search of her roots".
  4. 4.0 4.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named guardian
  5. "Julie Fowlis". Thistle and Shamrock.
  6. "Julie Fowlis' Homecoming". Northings.
  7. "Success is music to Strathclyde's ears". press release. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Meitheamh 2013. Dáta rochtana: 3 Feabhra 2024.
  8. "Gaelic organisation Feis Rois marks 25th anniversary with a bang". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 4 Márta 2016. Dáta rochtana: 3 Feabhra 2024.