Niohóiniam
Niohóiniam | |
Siombail Cheimiceach | Uut |
Uimhir Adamhach | 113 |
Meáchan Adamhach | [286] |
Grúpa, Peiriad | |
Dlús | |
Sraith Cheimiceach | |
![]() |
Is é an niohóiniam dúil cheimiceach uimhir a 113, agus cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é a dtagann meath radaighníomhach uirthi go tiubh teirimeach. Mar sin, ní féidir mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Tá ainm an niohóiniam bunaithe ar ainm dúchasach na Seapáine, Nihon - is é seo an leagan gnáthchainte de Nippon i Seapáinis an lae inniu. Roimhe seo rinneadh iarracht le niopóiniam a bhaisteadh ar an miotal a dtugtar réiniam air inniu, ach ní raibh Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí barúlach gur éirigh leis na heolaithe Seapánacha an dúil sin a chéadaithint i ndáiríre.
Ba iad na heolaithe Seapánacha in Institiúid Riken i gcathair Wakō a d'aithin an chéad adamh niohóiniam, agus mar sin ba orthusan a bronnadh ceart ainmnithe na dúile. Fuair an t-ainm faomhadh na gcumann ceimice agus fisice sa bhliain 2016.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |