Nihilí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is nihilí ann ná duine a thacaíonn leis an nihileachas, is é sin, le fealsúnacht an éadóchais. Is iad na seasaimh is dual don nihilí a ghlacadh ná:

  • nach bhfuil fianaise ar bith ann go bhfuil Dia nó cruthaitheoir ann;
  • nach bhfuil moráltacht ann, agus mar sin, nach fiú aon ghníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh de rogha ar aon rud eile;
  • nach bhfuil cuspóir ar bith leis an saol.

Is é is brí leis an bhfocal Laidine nihil ná "neamhní, a dhath ar bith, faic na ngrást".

Bunús an Fhocail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Ivan Turgenyev (1818-1883), an scríbhneoir Rúiseach, a chuir an téarma i mbéal an phobail go coitianta, ach ansin, bhí sé ag tagairt do radacaigh Rúiseacha de chineál áirithe. An fealsamh Gearmánach Friedrich Heinrich Jacobi (1743-1819) a thug isteach é i dtéarmaíocht na fealsúnachta. Bhí Jacobi buartha faoin drochthionchar a bhí, dar leis, ag an réasúnachas saolta ar mhoráltacht na sochaí. Bhí sé barúlach go n-iompódh an réasúnaí saolta gan Dia ina "nihilí" nach mbeadh moráltacht ar bith aige.

Kierkegaard agus an "Leibhéaladh"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis an bhfealsamh Danmhargach Søren Kierkegaard, níor bhain sé úsáid as an téarma sin "nihileachas", ach bhí coincheap cosúil aige - "leibhéaladh". Is é is leibhéaladh ann ná an dóigh a gcuireann an duine aonair a indibhidiúlacht faoi chois, ionas nach féidir aon rud ar leith ná aon chuspóir ar leith a aithint air a thuilleadh. Mar sin, bhí sé buartha faoin nihileachas a thiocfadh ar an bhfód de dheasca an leibhéalta, is é sin, an dóigh a gcaighdeánófaí gach gné den tsaol faoi thionchar an ollchultúir nua-aimseartha, ionas nach bhfágfaí spás ná slí ag an indibhidiúlacht.

Nihileachas agus Nietzsche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a shamhlaítear coincheap an nihileachais leis an bhfealsamh Gearmánach Friedrich Nietzsche. Bhí Nietzsche den bharúil gurb ionann an nihileachas agus patuaire i leith an tsaoil - an nós cuma liom, mar a déarfá. Bhí Nietzsche an-diúltach don nihileachas sa chiall seo, agus ba é a thuairim gur nimh don anam daonna a bhí ann. Ón taobh eile de, bhí sé den tuairim gur dea-chomhartha a bhí ann má tháinig a leithéid de smaoineamh ar an bhfód agus an nihileachas, nó chreid sé gur géarchéim riachtanach a bhí ann don duine dhaonna agus go gcaithfeadh an duine a chath féin a chur ar an nihileachas - gur céim riachtanach forbartha a bhí ann.

Úsáid stairiúil an fhocail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go stairiúil, tagraíonn an téarma do ghluaiseacht sa Rúis sa dara leath den naoú haois déag. Níorbh ionann iad na nihilithe seo agus nihilithe i gciall nua-aimseartha an fhocail. Go bunúsach, ba radacaigh iad na nihilithe seo a bhí den tuairim gur chóir dul i muinín na láimhe láidre le sochaí na Rúise a leasú. Bhí an-tionchar acu ar ghluaiseacht na Naroidnící agus ar Pháirtí Sóisialach Réabhlóideach na Rúise.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]