Naoscach
| Gallinago gallinago | |
|---|---|
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Mais | 111 g 128 g |
| Réise sciathán | 0.52 m |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22693097 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Charadriiformes |
| Fine | Scolopacidae |
| Géineas | Gallinago |
| Speiceas | Gallinago gallinago Linnaeus, 1758 |
| Cineál tacsanomaíoch | Gallinago |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Gallinago gallinago. Má tá spéis agat sna héin ghaolmhara ar a dtugtar “naoscach” freisin, féach Gallinago agus Naoscach bhídeach.
Is lapaire beag téagartha é an naosach (Gallinago gallinago),[1] agus is as an Sean-Domhan ó dhúchas é. Tugtar gabhairín reo, gabhar oíche, agus meannán aeir air freisin. Ciallaíonn an t-ainm eolaíoch gallina, "cearc" agus an iarmhír -ago, "cosúil le" sa Nua Laidin.[2] Is baill d'fhine na Scolopacidae iad.
Is í an ghnáthóg phóraithe a bhíonn acu ná riasca, portaigh, tundra agus móinéir fliucha ar fud thuaisceart na hEorpa agus thuaisceart na hÁise. Éin imirceacha is ea iad, agus caitheann éin Eorpacha an geimhreadh i ndeisceart agus in iarthar na hEorpa agus san Afraic (ó dheas go dtí an Meánchiorcal), agus bogann imircigh na hÁise] go dtí deisceart trópaiceach na hÁise. Ceapadh tráth gur an speiceas céanna é an naoscach Wilson (Gallinago delicata) ó Mheiriceá Thuaidh, ach tá sé liostaithe mar sin i réimse sean-treoirleabhar.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Gallinago gallinago” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-31.
- ↑ Jobling, James A (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm.