Corcach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corcach

Réigiún talún atá báite an t-am ar fad agus fásra tiubh giolcach nó crann ann. Tá corcacha mangróibh coitianta ar feadh inbhir aibhneacha sna trópaicí is na fo-thrópaicí. Sa tréimhse Charbónmhar bhíodh corcacha muirí an-choitianta, agus is iontu a cruthaíodh fosuithe guail an lae inniu.