Naomh Seanán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Seanán
ab


easpag Caitliceach

Saol
Eolas breithe 488
Náisiúntacht Éire
Bás 560
Gairm
Gairm duine rialta agus sagart Caitliceach
Ballraíocht Dhá Aspal Déag na hÉireann
Féile
8 Márta
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach

Easpag sa 6ú haois i gContae an Chláir ab ea Naomh Seanán.

Is in aice le Cill Rois i gContae an Chláir a rugadh Seanán. Feirmeoirí rathúla a bhí ina mhuintir.[1] De réir cosúlachta, ba iad na heachtraí contúirteacha ar muiras a dtáinig sé slán a spreag é le dul faoi chuing chrábhaidh. I dtús báire chaith sé seal mar mhac léinn i mainistir Chill na Manach.

In Inis Cathaigh i ngar do Chill Rois a bhí a phríomhmhainistir.

Bhí Seanán ina anamchara ag Naomh Breandán agus ag Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis.

D’éag an naomh timpeall 544-560 agus cuireadh é i Leaba Sheanáin in aice Teampaill Sheanáin, séipéal beag Rómhanúil ón 12ú haois

Ceiliúrtar Lá Fhéile Seanáin Inse Cathaigh ar an 8 Márta.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Naomh Seanán, easpag: Márta 8 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2021-03-08.
  2. Sabhal Mor Ostaig. "Féilte". Dáta rochtana: 2021.