Naomh Feargal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Feargal
(Virgilius, Vergilius, srl)
Saint Virgilius, Salzburg.jpg
Dealbh chuimhneacháin in Salzburg
Dáta breithe t. 700
  Éire
Dáta báis 27 Samhain, 784
  Salzburg, an Ostair
Gairm Cléir

Eaglaiseach Éireannach agus réalteolaí ba ea Naomh Feargal (c. 700 – 27 Samhain 784 in Salzburg) nó VirgilVigilius. Ba é ab Achadh Bhó, easpag Osraí agus easpag Salzburg é.

Ba mhór an cháil a bhí air de thairbhe a léinn agus a naofachta de[1].. Tugadh “Aspal na Cairintia” air[2] agus “an geoiméadraí” (.i. an tíreolaí).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de shliocht uasal é agus is dócha go bhfuair sé scolaíocht in Mainistir Oileán Í.[3] Mar seo a fhógraíonn Annála Ríochta Éireann a bhás in iontráil na bliana 784: “Fearghal .i. an geoiméadraí, ab Achadh Bhó, a d’éag sa Ghearmáin sa 30ú bliain dá easpagóideachta”.[4] Tugadh “an geoiméadraí” air de bharr an eolais a bhí aige ar gheografaíocht.[5]

Íomhá mheánaoiseach de Naomh Feargal (Virgilius)

D’fhág sé Éire timpeall na bliana 745 agus fonn air cuairt a thabhairt ar an Talamh Naofa. Ach chuir sé faoi sa Fhrainc agus é ina chomhairleoir ag Pippin Óg, Maor an Pháláis faoi Childeric III na Fraince. Is dócha gur bhain sé feidhm as "Collectio canonum Hibernensis" (dlí canónta na hÉireann) chun áitiú ar Pippin coisreacan a fháil sa bhliain 751 chun go n-aithneofaí é mar Pippin III tar éis athrí Childeric. [6] Bhain sé an Bhaváir amach ar chuireadh an Diúic Odilo agus bhunaigh mainistir Chiemsee. I gceann bliana nó dhó rinneadh ab mhainistir Naomh Peadar in Salzburg de. Bhí sé freagrach, mórán, as Críostaithe a dhéanamh de na Slavaigh Alpacha, agus chuir sé misinéirí chun na hUngáire.[5]

Saint Virgilius, Salzburg

Agus é in Salzburg rinne sé conspóid le Naomh Boniface. Rinne sagart éigin duine a bhaisteadh le focail mhíchearta: "Baptizo te in nomine patria et filia et spiritu sancta" in áit "Baptizo te in nomine patris et filii et spiritus sancti". Mhaígh Feargal gur bhaisteadh ar fónamh é ach rinne Boniface gearán leis an bPápa Zachary. Thaobhaigh Zachary le Feargal.

Tamall ina dhiaidh sin chuir Boniface i leith Fheargail go raibh sé ag cothú easaontais idir Boniface féin agus an Diúc Odilo agus ag múineadh rudaí i dtaobh chruinneas an Domhain a bhí bunoscionn leis na Scrioptúir. Dúirt an Pápa dá mbeadh sé cruthaithe gur chreid Feargal i ndomhan eile mar a raibh daoine eile ina gcónaí gur chóir é a dhíbirt as an Eaglais.[7]

Is léir go raibh baint ag an scéal le fadhb pheaca an tsinsir agus leis an slánú uilíoch; agus gur éirigh le Feargal a chruthú nach sé ag sárú na Scrioptúr. B’fhéidir gur shíl Boniface dá mbeadh daoine sna fritíortha nár de shliocht Ádhaimh iad agus nach mbeidís slánaithe ag Críost.[8]

Tar éis mhairtíreacht Boniface, rinneadh Easpag Salzburg d’Fheargal sa bhliain 766 nó 767[9], agus lean sé air ag neartú na Críostaíochta sna tailte Gearmánacha, go háirithe sa Chairintia.[10] Is dócha gur cailleadh é in Salzburg ar 27 Samhain 784.

Urraim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar urraim do mar naomh san Eaglais Cheartchreidmeach agus san Eaglais Chaitliceach. Sa bhliain 1233 naomhainmnigh an Pápa Gréagóir IX é.[5] Maíonn Rettberg (Kirchengesch. Deutschlands, II, 236) gur dócha go bhfuair sé a theagasc faoin Domhan a bheith ina chomhchruinneán ó na seantíreolaithe agus gur fhág iomraimh na hÉireann a rian ar a thuairim go raibh fritíortha ann.

Virgilius ó Salzburg, Pfarrkirche Liesing (Wien 23)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Laistner, M.L.W. Thought and Letters in Western Europe: A.D. 500 to 900, 2nd. ed. Ithaca: Cornell Univ. Pr., 1955. ISBN 0-8014-9037-5

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cumannnasagart.ie. "Feargal". Dáta rochtana: 2018.
  2. Frederick Edward Warren (1881). "The Liturgy and Ritual of the Celtic Church". Clarendon Press. 
  3. Clancy, Thomas Owen and Márkus, Gilbert. Iona: The Earliest Poetry of a Celtic Monastery, lch 17, Edinburgh, Edinburgh University, 1995
  4. Ferghil .i. an geometer, abb Achaidh Bó, d'écc san n-Germáinne san 30 bliadhain dia eapscopóid: https://celt.ucc.ie/published/G100005A/index.html M784.8.
  5. 5.0 5.1 5.2 Stevens, Clifford.The One Year Book of Saints, Our Sunday Visitor Publishing Division, Our Sunday Visitor, Inc., Huntington, Indiana
  6. Enright, M.J. Iona, Tara, and Soissons: The Origin of the Royal Anointing Ritual. (Arbeiten zur Fruhmittelalterforschung, 17). Berlin and New York: Walter de Gruyter, 1985. lgh ix, 198
  7. MGH, Epistolae Selectae, 1, 80, lgh 178–9 [1]; aistriúchán Béarla in M. L. W. Laistner, Thought and Letters in Western Europe, lgh 184–5.; féach freisin Jaffe, Biblioth. rerum germ., III, 191
  8. [2]Turner, William (1912). "St. Vergilius of Salzburg". In Herbermann, Charles. Catholic Encyclopedia. 15. New York: Robert Appleton
  9. 754, de réir Cumann na Sagart http://www.cumannnasagart.ie/samhain/naomh-fearghal-easpag-samha.html
  10. ibid.