Jump to content

Nótaí ón Lár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharNótaí ón Lár
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarLiam Mac Cóil Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirLeabhar Breac
Eile
Uimhir OCLC52750568 Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar neamhfhicsin í Nótaí Ón Lár: Dialann Mhantach leis an úrscéalaí Éireannach Liam Mac Cóil. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar i 2002 (ISBN 978-0-898332-15-0).

Sa leabhar neamhfhicsin seo a dhéanann comóradh ar an Mílaois nua, agus a d'eascair as cuireadh a fuair an t-údar ábhar a chur ar fáil don irisleabhar An Aimsir Óg, baineann Mac Cóil úsáid as an dialannaíocht le dul i ngleic le roinnt de na fadhbanna atá os ár gcomhair san aonú haois is fiche. Cur chuige é seo a d'úsáid sé ó shin in An Chláirseach agus an Choróin.[1]

Is é a dúirt Pól Ó Muirí ina léirmheas ar an leabhar san Irish Times, "Tá sé de bhua ag an dialann seo go n-éiríonn le Mac Cóil ábhar a chur ar fáil atá spéisiúil ach nach bhfuil faoistiniúil. Ní gníomh dóláis atá anseo againn ach gníomh dóchais.[2]

  1. Nótaí Ón Lár, Liam Mac Cóil (Indreabhán, Leabhar Breac, 2002)
  2. Sliocht as an léirmheas ar shuíomh idirlín an fhoilsitheora[nasc briste go buan]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]