An Chláirseach agus an Choróin
Is é an scríbhneoir Éireannach Liam Mac Cóil a scríobh an leabhar neamhfhicsin An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford faoi cheol agus faoi chúlra cultúrtha Angla-Éireannach an chumadóra Charles Villiers Stanford. D'fhoilsigh Leabhar Breac an leabhar sa bhliain 2010. Is é ISBN an leabhair 0-898332-45-2.
Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar leis an údar, is é Stanford an cumadóir ceoil ba mhó a tháinig as Éirinn riamh nach raibh Gaeilge aige. Trí anailís a dhéanamh ar an gceol sárchumasach seo déanann Mac Cóil anailís ar náisiún, agus léiríonn gurb iad na Gaeil – lucht labhartha na Gaeilge – is fearr a thuigfidh ceol Stanford agus a is mó a bhéarfadh chucu féin é, mar is é a gceol féin atá ann. Mar chuid den anailís aige breathnaíonn sé ar chúlra Lúireach Phádraig, iomann ar chuir Stanford ceol leis an leagan Béarla de, Saint Patrick’s Breastplate – iomann a théann go croí na gceisteanna is ábhar don leabhar seo: ceol, creideamh, polaitíocht, náisiúntacht agus teanga. Déanann an leabhar seo scrúdú freisin ar an Sasanachas agus ar an Éireannachas, agus lena bhfuil i gceist le bheith i d'Éireannach anglafónach, agus i do Ghael.[1]
Léirmheas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ina aitheasc ag seoladh an leabhair dúirt Aonghus Dwane ó Chumann Gaelach Eaglais na hÉireann "Tá Stanford curtha in iúl ar bhealach úr sa leabhar seo, nach beathaisnéis traidisiúnta ná anailís theicniúil ar cheol ach oiread é, ach cíoradh ar mhothúcháin, agus ar cheisteanna féiniúlachta, a eascraíonn as an gceol agus ón duine atá faoi chaibidil."[2]
Ina léirmheas in The Irish Times dúirt an tOllamh Máirín Nic Eoin "Mac Cóil’s description of style and structure, his understanding of melody and orchestration, and his ability to trace influences and recognise musical quotations make these notes as detailed and informative as most professional concert-programme notes."[3]
Ina léirmheas in Comhar (Meitheamh, 2011) scríobh Michael Cronin "Ní minic a léitear leabhar chomh spreagúil, dúshlánach, eisceachtúil leis an gceann seo. [Leabhar] oidhreachta agus saíochta a bhaineann ní hamháin le stair ár gcultúir ach níos tábhachtaí fós le todhchaí ar muintire."[4]
Ina léirmheas ar H-Albion (Meán Fómhair, 2012), dúirt an tOllamh Brian Ó Broin "This is a great book, raising troubling questions about how the historical process counterfeits objectivity and how we foolishly continue to see Ireland only in terms of Britain while absolutely refusing to read primary or secondary sources in any language other than English. As in Fontenoy, Mac Cóil is writing an alternative history of the Gael, taking that right away from the victor-colonialist. He is putting the Gael alongside Anglophone culture and removing him as a subset of that culture (this has yet to happen in America, where Irish studies is almost always a subset of British studies). Because he knows that history is fiction, and that it is used as a political tool, he very consciously (and very rightly) proposes that the Gael rewrite history. [Brian Ó Broin. Review of Mac Cóil, Liam, An Chlairseach Agus an Choroin. H-Albion, H-Net Reviews. September, 2012.URL: http://www.h-net.org/reviews/showrev.php?id=36929] ]
Leabhair Eile ar Charles Villiers Stanford
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh maith le leabhar Liam Mhic Cóil, tá dhá leabhar eile ar Charles Villiers Stanford i gcló, Charles Villiers Stanford: man and musician le Jeremy Dibble (Oxford: Oxford University Press, 2002)agus Charles Villiers Stanford le Paul J. Rodmell (Aldershot, Hampshire: Scolar Press, 2002)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An Chláirseach agus an Choróin, Liam Mac Cóil, Leabhar Breac 2010
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-09-07. Dáta rochtana: 2011-06-19.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-26. Dáta rochtana: 2011-06-19.
- ↑ Comhar, Meitheamh 2011
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Nóta Beathaisnéise: Liam Mac Cóil Curtha i gcartlann 2010-01-16 ar an Wayback Machine
- Cois Life: Liam Mac Cóil Curtha i gcartlann 2007-11-18 ar an Wayback Machine