Muireadhach mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Muireadach mac Murchadha)
Infotaula de personaMuireadhach mac Murchadha
Beathaisnéis
Bás760 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnlainge Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBran Ardcheann Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchad mac Brain Mut
SiblínBran Becc mac Murchado, Fáelán mac Murchado agus Dúnchad mac Murchado

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Muireadhach mac Murchadha (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Murchado) (bás 760)[1] Murchadha mac Brain Mhut (bás 727), iar-rí, ba ea a athair.[2] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 738 go dtí 760.

Cloíodh na Laigin go dona i gCath Átha Seanaigh sa bhliain 738 ag an Ardrí Aodh Allán mac Fearghaile (bás 743) de Chineál Eoghain. Bhí dea-chaidreamh ámh idir Muireadhach agus Ardrí a linne, Domhnall Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin. Phós Bran Ardcheann mac Muireadhaigh (bás 795) le hEithne ní Dhomhnaill. Sa bhliain 759, chuaigh Domhnall i gceannas agus mór na Laigean chomh fada is Magh Muirtheimhne, gar do Dhún Dealgan.[3][4]

Bhí muintir Uí Mháil tráth ina ríthe na Laigean, an rí deireanach ná Ceallach Chualann mac Geirthí (bás 715). Sa bhliain 744, cloíodh iad ag Cath Ailéin dá Bhearrach, suite i gCuala, Contae Chill Mhantáin, ag triail ar an ríogacht sin uair dheireanach.[5] Maraíodh beirt gharmhac Cheallaigh, Cathal agus Ailill.[6]

Rinne an rí Osraí, Amchaidh mac Con Chearca ruathar ar na Laigin ag Fotharta Feá (754),[7] agus ar Uí Bhairrche agus Uí Chinnsealaigh,[8] le linn réimeas Mhuireadaigh.

Sinsear mhuintir Uí Mhuireadhaigh ba ea Muireadhach féin, agus a mbaile ríoga ag Mullach Maistean in Iarthair Life. Rinneadh rí Laigean freisin dá mhac, Bran Ardcheann (bás 795).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Hogan, SJ, Edmund (1910), Onomasticon Goedelicum: An Index to Irish Names of Places and Tribes (locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae), Documents of Ireland, Coláiste na hOllscoile Corcaigh [1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 760.5
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  3. AU 756.3
  4. "Onomasticon Goedelicum", Muirthemne
  5. "Onomasticon Goedelicum", C cualu
  6. AU 744.5, 744.6
  7. AU 754.6
  8. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 576