Muiléad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Muiléad péarlach ag fás i bpáirc.
Muiléad méarach (Eleusine coracana), ag fás i bpáirc.
Ceann aibí den mhuiléad Panicum miliaceum.
Planda muiléid ag péacadh.

Is grúpa d'fhéar beagshíolach an-athraitheach iad na muiléid,[1] a fhástar go forleathan ar fud an domhain mar bharr gráin nó barr fodair agus bia an duine. Baineann formhór na speiceas dá ngairtear muiléad go ginearálta leis an treibh Paniceae, ach baineann roinnt muiléad le tacsóin éagsúla eile freisin.

Is barraí tábhachtacha iad muiléid i dtrópaicí breacthura na hÁise agus na hAfraice (go háirithe san India, Mailí, an Nigéir, agus an Nígir), agus 97% de tháirgeadh muiléad i dtíortha i mbéal forbartha. [2] Is fearr an barr seo mar gheall ar a tháirgiúlacht agus a shéasúr gearr fáis faoi choinníollacha tirime ardteochta.

Tá muiléid dúchasach do go leor áiteanna ar fud an domhain. Is é an muiléad is mó a fhástar ná an muiléad péarlach, ar barr tábhachtach é san India agus i gcodanna den Afraic. Is barr speicis thábhachtacha iad Eleusine coracana, Panicum miliaceum, agus Setaria italica.

Speiceas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eragrostideae:

Paniceae

Andropogoneae

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 'Muiléad is ea planda arbhair a mbíonn grán beag biamhar air.' Tagairt: [1]
  2. "The Millets" (2000). Food Science and Technology: Handbook of Cereal Science and Technology 99 2nd ed: 177–210. CRC Press. 
  3. "Browntop Millet".