Morwell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMorwell

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°14′S 146°24′E / 38.23°S 146.4°E / -38.23; 146.4
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán13,771 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deTraralgon - Morwell (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde80 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3804 Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i Gippsland Láir, Victoria, san Astráil, is ea Morwell. Tá sí suite 149 km thoir ón bpríomhchathair, Melbourne. Sa bhliain 2006, bhí 13,399 duine ina gcónaí ann.[1] Is cathair an-tábhachtach sa stát í, mar tá cuid mhaith de ghual an stát bainte amach sa cheantar seo.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear go raibh na Kurnai (treibhe Bhundúchasach) na daoine is luaithe sa cheantar. Sa bhliain 1841, thaistil na taiscéalaí Angus McMillan agus Paweł Edmund Strzelecki tríd an réigiún. Níos mhoille sa 1840í, bunaíodh cuid mhaith feirmeacha chaoracha sa cheantar a thugtar Morwell air sa lá atá inniu ann.

Sa bhliain 1873, d’aontaigh an rialtas iarnród a thógáil ó Melbourne go dtí Sale; mhéadaigh ceantar Morwell dá bharr sin. Bhí an chéad díol ar thalamh ann i mí Eanáir, 1879, ach bhí cuid mhaith lonnaítheoirí sa cheantar cheana féin. Tógadh an chéad mianaigh ghuail sa 1880í.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Morwell – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 45.1 46.3 40.4 35.0 26.7 23.5 21.8 26.8 31.0 35.1 38.6 42.2 46.3
Meán-uasteocht an lae (°C) 26.3 26.5 24.4 20.5 16.9 14.1 13.6 14.8 16.8 19.4 21.9 24.0 19.9
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 12.5 12.8 11.1 8.6 6.6 4.4 3.6 4.3 5.8 7.4 9.5 11.1 8.1
Teocht is ísle (°C) 1.8 1.9 1.9 -0.5 -2.6 -3.6 -3.5 -3.4 -2.1 -2.3 0.6 1.7 −3.6
Meán-bháisteach (mm) 49.3 40.4 45.5 57.4 51.9 59.9 65.1 63.1 77.4 73.6 75.4 68.4 727.7
Foinse: Bureau of Meteorology[2] Eanáir 2011

Meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freastalaíonn na stáisiúin ráidio ‘Star FM’ agus ‘3GG’ an réigiún, a chraoltar ó Warrigul.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Morwell (Urban Centre/Locality)"[nasc briste go buan], Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
  2. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Morwell (LaTrobe Valley Airport)", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).