Ararat (Victoria)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilArarat

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°17′06″S 142°55′59″E / 37.285°S 142.933°E / -37.285; 142.933
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighRural City of Ararat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán8,297 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús610.07 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla13.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde325 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1857
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3377 Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair bheag in iardheisceart Victoria san Astráil, timpeall 198 ciliméadar siar ó Melbourne, is ea Ararat (Djabwurrung: Tallarambooroo).[1] Bhí 8,292 duine ina gcónaí ann in 2016.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Edward Roper, Gold diggings, Ararat, ca. 1854–58, ola ar chanbhás, State Library of New South Wales.
Upper Barkly Street in 1894.

Roimh theacht na nEorpach bhí na Djab wurrung ina gcónaí i gceantar Ararat.[2] Tá a lán logainmneacha de chuid na Djabwurrung ar eolas sa cheantar fós: “Karangajaruk”, gleann ina mbíodh ór á thochailt, “Warrayatkin,” loch a dtugtar Green Hill Lake anois, “Butingitch,” áit ar bunaíodh an baile mór, “Gorambeep barak,” ainm Mount Ararat, “'Pandort,” poll mór uisce laisteas den chathair.[1]

Ghabh an suirbhéir Thomas Mitchell tríd an gceantar in 1836 agus thosaigh lonnaitheoirí ag cur fúthu ann sna 1840idí, rud ba chúis leis na Bundúchasaigh a dhíshealbhú. In 1841 bhí an lonnaitheoir Horatio Wills ar a mbealach chun áite níos faide ó dheas, agus scríobh sé ina dhialann, "like the Ark we rested"; thug sé Mount Ararat ar chnoc a bhí i ngar dó dá réir. D’oscail oifig an phoist ar an 1 Feabhra 1856, cé go dtugtaí Cathcart air go dtí an 31 Lúnasa 1857.[3]

In 1857 fuair mianadóirí Síneacha ór ag an “Canton Lead” agus iad ag dul go dtí na hórcheantair i lár Victoria. Bhí pobal mór Síneach in Ararat, agus tá baint ag an stair sin leis an Gum San Chinese Heritage Centre.[4]

Ba ghearr go raibh bardas ann, agus corpraíodh Ararat mar bhuirgéis ar an 24 Meán Fómhair 1858.

Cuireadh gealtlanna ar bun in Ararat. Osclaíodh an Aradale Mental Hospital in 1865, agus osclaíodh J Ward, gealtlann do ghealta coiriúla, in 1887 sa seanphríosún, cé go bhfuil siad dúnta anois.

Úinéireacht thraidisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt grúpaí Bundúchasacha a bhfuil úinéireacht thraidisiúnta acu ar an gceantar. Sa taobh thuaidh tá na Wotjobaluk, Jardwadjali (nó Jaadwa), Wergaia agus Jupagalk.[5] Tá ionadaíocht á déanamh dóibh ag an Barengi Gadjin Land Council Aboriginal Corporation.[6]

Sa taobh theas tá na Djab Wurrung people.[5] Ionadaíonn Martang Pty Ltd iad.[7]

Tá grúpa eile, na [[[Maar Thoir]], ag dul i gcomhairle le rialtas Victoria chun aitheantas a fháil.[5] The Eastern Maar people are represented by the Eastern Maar Aboriginal Corporation (EMAC).[8]

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an geilleagar ag brath go mór ar tháirgeadh tosaigh amhail olann, mairteoil agus fíon. Tá roinnt feirmeacha gaoithe ann agus tá AF Gason Pty Ltd le fáil ann, ceann de na déantóirí innealra feirme agus téitheoirí adhmaid is mó san Astráil.

Tá tábhacht le seirbhísí sláinte agus pobail sa chathair, agus tá príosún lastoir di. Ní í an turasóireacht an tionscal is mó, ach, mar sin féin, caitheann turasóirí $270 milliún ann gach bliain.[9]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ararat suite idir sliabhraonta. Orthu sin tá Páirc Náisiúnta na Grampians (Gariwerd), Sliabh Langi Ghiran, Sliabh Cole, Sliabh Buangor, Páirc Réigiúnach Chnoic Ararat agus na Píréiní. Tá Abhainn na Reilige (Cemetery Creek) ag rith tríd an taobh thuaidh den chathair, agus tá Loch an Chnoic Ghlais (Green Hill Lake) thoir.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ararat – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 42.9 44.7 39.0 32.8 26.2 20.4 21.0 24.5 28.9 34.7 38.4 42.5 44.7
Meán-uasteocht an lae (°C) 26.7 27.0 23.9 19.4 15.4 12.3 11.7 12.9 15.0 18.0 21.3 24.4 19.0
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 11.0 11.2 9.5 7.2 5.4 3.8 3.3 3.8 5.0 6.0 7.7 9.2 6.9
Teocht is ísle (°C) 0.6 0.3 -0.9 -5.7 -5.2 -6.4 -7.3 -6.2 -4.0 -4.5 -4.5 -1.0 −7.3
Meán-bháisteach (mm) 37.9 32.7 31.2 43.2 52.9 55.9 62.5 69.5 62.5 58.2 46.2 38.2 592.1
Foinse: Bureau of Meteorology[10] Eanáir 2011

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre bunscoileanna in Ararat, agus roinnt naíscoileanna. Tá dhá príomhcholáiste ann: Coláiste Phobal Ararat agus Coláiste Marian (scoil Chaitliceach).

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn cuid mhaith daoine Peil Astrálach sa bhaile, agus bunaíodh an cumann áitiúil (‘Ararat Football Club’) in 1871.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Clark, Ian D. (2002). "Dictionary of Aboriginal placenames of Victoria". Melbourne: Victorian Aboriginal Corp. for Languages. OCLC 54913331. 
  2. "Ararat Rural City" (2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Márta 2012. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2021.
  3. "Post Office List".
  4. "Gum San Chinese Heritage Centre". Ararat Rural City Council (2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-05-19. Dáta rochtana: 2021-12-31.
  5. 5.0 5.1 5.2 "Map of formally recognised traditional owners".
  6. "Welcome to Barengi Gadjin Land Council".
  7. "Martang Pty Ltd".
  8. "Eastern Maar Aboriginal Corporation".
  9. "Tourism". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Feabhra 2015. Dáta rochtana: 31 Nollaig 2021.
  10. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Ararat Prison", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).