Moninne Chill Shléibhe
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 432 |
| Bás | 518 (Féilire Ghréagóra) 85/86 bliana d'aois |
| Áit adhlactha | Killevy Monastic Site (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ceannaire reiligiúnach, múinteoir, fear leighis |
| Ardú | |
| Lá féile | 6 Iúil |
| Teaghlach | |
| Athair | Mochta (en) |
Bhí Moninne Chill Shléibhe ar dhuine de chéad ban-naoimh na hÉireann (timpeall 435 - 517 AD).[1] Thug "sagart teagasc" di faoi bhunphrionsabail na beatha chrábhaidh. D’éirigh léi comhthionól rialta a bhunú ag Sliabh gCuilinn i gContae Ard Mhacha (inniu Cill Shléibhe nó Killevy nó Killeavy)[2], a raibh ochtar maighdean, agus baintreach lena naíonán ina mbaill de.

Chaith siad saol díthreabhach a bhí bunaithe ar shampla Éilias agus Eoin Bhaiste.
D’éag sí sa bhliain 517/518. Ceiliúrtar a lá féile ar 6 Iúil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Naomh Moninne Chill Shléibhe, ban-ab: Iúil 6 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-06. Dáta rochtana: 2020-07-06.
- ↑ "Cill Shléibhe/Killevy" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-07-06.