Miotalagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar struchtúr miotal, de ghnáth le micreascóp optúil, leictreonmhicreascóp, micreascóp tóireadóir scanta agus diraonadh X-ghathach. Is féidir go mbeidh airíonna is struchtúir dhifriúla ag miotal, ag brath ar an mbunstruchtúr criostalta, an gránstruchtúr, na heisíontais ann, a stair theirmeach is stair a saothraithe. Ceimicí Sasanach, Henry Clifton Sorby (1826-1908), ag obair i Sheffield, a chuir tús le staidéar miotal le micreascóp. Chuir sé snas ar an sampla, rinne an dromchla snasta a eitseáil le haigéad, agus d'iniúch an sampla faoi mhicreascóp frithchaite (micreascóp miotaleolaíoch) le formhéaduithe forchéimnitheacha, chun an gránstruchtúr a dhéanamh amach agus uaireanta airíonna an struchtúir chriostalta sna grain. Úsáidtear na micreascóip eile agus díraonadh X-ghathach chun eolas cruinn ar struchtúr is eagar na n-adamh sna gráin a dhéanamh amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Miotalagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.