Micreascópacht tóireadóir scanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Craobh den mhicreascópacht is ea micreascópacht tóireadóir scanta. Tá raon micreascóp éagsúil ann anois atá bunaithe ar theicníocht ina ndéantar dromchla samplach a iniúchadh le barr tóireadóra a scantar i leith an dromchla sin.

Sa mhicreascóp tollánach scanta (STM) is iad na leictreoin thollánacha istigh sa dromchla seoltach a dhéanann an íomhá. I micreascóp fórsa adamhaigh (ATM) is é an fórsa ar bharr an tóireadóir scanta ag gach pointe de dhromchla seoltach nó neamhsheoltach a íomháítear. Déantar airíonna dromchlacha maighnéadacha is leictreacha a thréithriú is a íomháú ach cinn brata chuí a úsáid sa scanadh.

Mar shampla, i micreascópacht poitéinsil leictrigh scanta (SEPM) úsáidtear tóireadóir brata le platanam chun an dromchla is a bhfuil air a mhapáil. I micreascóp optúil neasréimse scanta, faightear íomhánna optúla le taifeach 10 nanaiméadar nó mar sin ach úsáid a bhaint as solas ó shnáithín an-mhín chun an dromchla a scanadh, rud a sheachnaíonn teorainn an díraonta a tharlaíonn i ngnáthmhicreascóip de bhrí go bhfágann an léas solais an snáithín an-ghar don dromchla samplach.

Úsáidtear micreascóip scanta in an-chuid feidhmeanna: seiceáil slisní leathsheoltóra is dioscaí optúla le linn a ndéanta, breathnú ar chealla, próitéiní, baictéir is víris in situ. Cheap Binnig, Quate is Gerber an teicníocht micreascópachta seo le tóireadóir scanta i 1986.