Scríbhneoir Catalónach a rugadh in Barcelona ab ea Mercè Rodoreda I Gurguí (10 Deireadh Fómhair1908 - 13 Aibreán1983). Is í a húrscéal is cáiliúla ná La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), úrscéal a aistríodh go níos mó ná tríocha teanga.
Ní dheachaigh Mercè Rodoreda ar scoil ach ar feadh sé bliana [1], scoil inar úsáideadh an Spáinnis mar mheán teagaisc, agus d’fhoghlaim sí scríobh na Catalóinise mar dhuine fásta. Nuair a bhí sí fiche bliain d’aois, phós sí a huncail, agus bhí mac amháin acu. Bhí sí ag obair mar iriseoir, agus d’fhoilsigh sí cúig úrscéal le linn na dtríochaidí. Nuair a chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne, chuaigh sí ar deoraíocht go dtí an Fhrainc, agus mhair sí tríd an Dara Cogadh Domhanda ann.
Tar éis fiche bliana de thost, d’fhoilsigh sí cnuasaigh gearrscéalta Vint-i-dos contes (Dhá scéal is fiche) i 1958, agus i 1962 d’fhoilsigh sí La plaça del diamant (Cearnóg an diamaint), a thuill cáil ar leith. Scéal atá ann faoi bhean óg ón lucht oibre a phósann fear corrmhéineach agus a thagann slán as an gcogadh agus as an gcruatan ina dhiaidh sin. Aistríodh an leabhar seo go Béarla den chéad uair i 1967 le hÉireannach darb ainm Eda O'Shiel.
D’fhill sí go dtí ar an gCatalóin sa bhliain 1972. Faoin am sin, ba scríbhneoir aitheanta í. Fuair sí bás ón ailse i 1983. Tri bliana níos déanaí foilsíodh a dhiostóipe La mort i la primavera (An bás agus an t-earrach).