Menachem Elon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMenachem Elon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Samhain 1923
Düsseldorf, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Feabhra 2013
89 bliana d'aois
Iarúsailéim, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHar HaMenuchot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Deputy President of the Supreme Court of Israel (en) Aistrigh
26 Aibreán 1988 – 1 Samhain 1993
← Miriam Ben-PoratAharon Barak →
Breitheamh de Chúirt Uachtarach Iosrael
7 Samhain 1977 – 1 Samhain 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Giúdachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Eabhrach Iarúsailéim
Hebron Yeshiva (en) Aistrigh
School of Law and Economics (Tel Aviv) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir le Dlí
Gníomhaíocht
Réimse oibreMishpat Ivri (en) Aistrigh, Halakha (en) Aistrigh, Jewish studies (en) Aistrigh agus dlí-eolaíocht
Suíomh oibre Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmabhcóide dlí, dlíodóir, abhcóide, scoláire dlí, oideolaí, breitheamh, raibí, múinteoir ollscoile, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil McGill
Ollscoil Harvard
Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaLikud Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Eabhrais agus Béarla
Teaghlach
PáisteBinyamin Elon, Yoseph Elon, Mordechai Elon, Ari Elon Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Dlíodóir agus polaiteoir Iosraelach ab ea Menachem Elon (Eabhrais: מנחם אלון‎) (1 Samhain 19236 Feabhra 2013). Pearsa an-tábhachtach sa ghluaiseacht Mishpat Ivri ab ea Menachem Elon, gluaiseacht a bhíonn ag iarraidh dlí Stát Iosrael a athrú ó bhonn chun cloí leis an Halakha (an dlí Giúdach traidisiúnta).[1]

Menachem Elon i lár

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí de chuid Scoil Dlí agus Eacnamaíochta Tel Aviv (Ollscoil Tel Aviv faoi láthair) agus de chuid Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim ab ea Elon.

Menachem Elon agus Chaim Herzog, 1983

Bhí postanna teagaisc sa dara institiúid ag Elon ó 1955 ar aghaidh agus bhí sé ina Ollamh leis an Dlí Giúdach ansin ó 1972. Ina theannta sin, thugadh sé comhairle d'oifig an Ard Aighne idir 1959 agus 1966 faoin gcomhréir idir dlíthe a bhí molta agus an Halakha.

Ceapadh ar Chúirt Uachtarach Iosrael Elon sa bhliain 1977 agus bhí sé sa phost sin go dtí 1993, agus é ina Leas-Uachtarán uirthi ar feadh na cúig bliana deiridh. Chuaigh sé isteach sa saol acadúil arís tar éis dó éirí as an gcúirt agus ba é an bunaitheoir agus an chéad stiúrthóir ar Choláiste Sha'arei Mishpat (Ionad Acadúil Eolaíocht an Dlí faoi láthair).

Agus Elon ina bhreitheamh, rinne sé iarracht tionchar an Halakha a leathnú níos faide ná na cúirteanna raibíneacha a dhéileálann le pósadh agus colscaradh na nGiúdach in Iosrael, ionas go mbeadh tionchar aige ar réimse níos mó den dlí sibhialta. Go pointe áirithe dá bharr sin, ba mhinic nach raibh sé ar aon fhocal leis an mBreitheamh Aharon Barak, a bhí ar an gCúirt Uachtarach ó 1978 go 2006 agus ina Uachtarán uirthi ó 1995 go 2006.

I bpíosa a scríobh sé sa bhliain 1998, bhreathnaigh An tOllamh Elon ar an gcaoi a n-idirghníomhaíonn an ghné dhaonlathach agus an ghné Ghiúdach de Stát Iosrael (cásanna ina dtugtar tús áite don dara gné ar an gcéad cheann san áireamh) i gcomhthéacs an dlí leighis.[2]

Uaimh, קברו של השופט פרופ' מנחם אלון בהר המנוחות בירושלים

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarrthóir ar son Likud agus a chuid comhghuaillithe d'uachtaránacht Iosrael sa bhliain 1983 ab ea Elon; is ar éigean a chaill sé an toghchán sin i gcoinne Chaim Herzog, dlíodóir Iosraelach ba mhó le rá eile, a rugadh in Éirinn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Menachem Elon" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-02-06.
  2. Menachem Elon, The Values of a Jewish and Democratic State: The Task of Reaching a Synthesis, in ISRAEL AMONG THE NATIONS (Alfred E. Kellerman et al. eag., 1998).