Miriam Ben-Porat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMiriam Ben-Porat

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Aibreán 1918
Vitebsk, An Bhealarúis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Iúil 2012
94 bliana d'aois
Iarúsailéim, Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaHar HaMenuchot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Breitheamh de Chúirt Uachtarach Iosrael
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síJerusalem Law Classes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreDlí-eolaíocht
Gairmbreitheamh, dlíodóir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirJerusalem Law Classes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Dlí-eolaí Iosraelach ab ea Miriam Ben-Porat (née Shinezon, 26 Aibreán 191826 Iúil 2012), an chéad bhean a ceapadh ar Chúirt Uachtarach Iosrael (1977-1988) agus ansin Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an Stáit (1988-1998).[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ben-Porat i Vitebsk (atá sa Bhealarúis anois) sa bhliain 1918. D'aistrigh sí go dtí an Phalaistín agus í ina déagóir. D'fhan an chuid is mó dá muintir sa Liotuáin agus cailleadh san Uileloscadh iad.

Rinneadh dlíodóir di sa bhliain 1945. Bhí sí ag obair in Oifig Aturnae an Stáit ó 1949 go 1959. Bhí sí ina breitheamh de chuid Chúirt Dúiche Iarúsailéim ó 1959 go 1977 agus ina hUachtarán uirthi le linn an dá bhliain deiridh den tréimhse sin. Ina theannta sin, bhí sí ina hollamh in Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim ó 1964 go 1978.

1988; Miriam Ben Porat ar chlé

Ba í an chéad bhean í a ceapadh ar Chúirt Uachtarach Iosrael, sa bhliain 1977. Bhí sí ann go dtí go raibh seachtó bliain slánaithe aici, aois scoir na mbreithiúna.

Sa bhliain 1988, thogh an Knesset mar Reachtaire an Stáit í (agus arís sa bhliain 1993.) Ba í an chéad bhean í freisin a bhí sa phost sin agus, le linn na ndeich bliain a bhí sí ann, thug sí drochbhainistiú agus caimiléireacht chun solais go bríomhar.[2]

Bronnadh Duais Iosrael uirthi, sa bhliain 1991, mar aitheantas ar a cuid seirbhíse poiblí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí. COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-26.
  2. "Comptroller's Report Unleashes Storm Amid Accusations of Political Prejudice - Jewish Telegraphic Agency". Dáta rochtana: 2020-07-26.