Melvil Dewey
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Melville Louis Kossuth Dewey 10 Nollaig 1851 Adams Center, New York |
| Bás | 26 Nollaig 1931 80 bliana d'aois Lake Placid, Florida |
| Uachtarán ar Chumann Leabharlainne Mheiriceá | |
| 1892 – 1893 | |
| Uachtarán ar Chumann Leabharlainne Mheiriceá | |
| 1890 – Iúil 1891 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Chríostaíocht |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Amherst Ollscoil Alfred |
| Áit chónaithe | Bostún |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Leabharlannaí |
| Gairm | leabharlannaí, eolaí, iriseoir, múinteoir |
| Fostóir | Ollscoil Columbia |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Annie Dewey (1878–1922) |
| Páiste | Godfrey Dewey |
| Athair | Joel Dewey agus Eliza Dewey |
Gradam a fuarthas
| |
Rugadh Melville Louis Kossuth (Melvil) Dewey in Adams Center, Jefferson County, Nua-Eabhrac. D'fhreastail sé ar Amherst College, áit a raibh sé ina bhall de Delta Capa Eipsealón (craobh Sigme). Bhain sé bunchéim amach sa bhliain 1874 agus fuair sé a mháistreacht ó Amherst sa bhliain 1877.
Bhí Dewey ina leabharlannaí cúnta ag Amherst ó 1874 go dtí 1876. Sa bhliain 1876, d'fhág sé Amherst agus ar aghaidh leis go Bostún. Sa tréimhse 1883-1888 ba phríomhleabharlannaí é ag Ollscoil Columbia, agus ó 1888-1906 bhí sé ina stiúrthóir ar Leabharlann Stáit Nua-Eabhrac (New York State Library).

Sa bhliain 1895, bhunaigh Dewey agus a bhean Annie an Lake Placid Club ag Lake Placid i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac. Bhí sé féin agus a mhac Godfrey gníomhach i socrú Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh, agus bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Oilimpeach an Gheimhridh Stáit Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1926, chuaigh sé go Florida agus bhunaigh sé craobh an deiscirt den Lake Placid Club ansin. Fuair sé bás ag Lake Placid, Florida.[1]
Bhí Dewey ina bhall de 'Halla na Laochra' de chuid Chumann Leabharlann Mheiriceá (American Library Association).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |