Meispeal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann beag nó tom duillsilteach a fhásann 6 m ar airde, dúchasach d'oirdheisceart na hEorpa, saothraithe is tugtha chun cineáil in áiteanna eile. Na duilleoga ubhchruthach scothbhuí; na bláthanna aonarach, 3-6 cm ar leithead, bán; na seipil duilleach, níos faide ná na peitil. An toradh 2-3 cm ar trastomhas, donn, a éiríonn bog inite nuair a bhíonn ró-aibí.