Gaelscoil




Scoileanna lasmuigh de Ghaeltacht na hÉireann nó na hAlban ina n-úsáidtear Gaeilge mar mheán teagaisc iad na Gaelscoileanna. Bíonn páistí den dá inscne ag freastal orthu i bhformhór na gcásanna.
Cabhraíonn atmaisféar dearfach i gcomhthéacs na foghlama, agus sin bunchloch an oideachais sna Gaelscoileanna. Ina theannta sin, léiríonn taighde go bhfuil an dátheangachas fabhrach don bhfoghlaim go ginearálta.[1]
Buntáistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ós í an Ghaeilge príomhtheanga an tseomra ranga, foghlaimítear í go mear go líofa sna Gaelscoileanna, agus bíonn na daltaí dátheangach laistigh de chúpla bliain. Anuas air sin, léiríonn suirbhéanna éagsúla go mbíonn caighdeán oideachais níos fearr ag daltaí na scoileanna seo ná mar a bhíonn ag formhór na scoileanna in Éirinn.[2]
Aithníonn teangeolaithe na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas, agus go bhfuil foghlaim na tríú teanga níos éascaí ná foghlaim na dara teanga. Is é sin le rá go dtagann athruithe néareolaíocha agus síceolaíocha nuair a ghlactar dara teanga, agus cuidíonn na hathruithe siúd le sealbhú teangacha breise.[3][4][5] Léiríonn taighde[6]go bhfuil leibhéal tuigseana níos forbartha ag gasúir dhátheangacha ar thréithe an duine daonna ná mar atá ag gasúir aonteangacha.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tús na fichiú haoise, bhunaigh Pádraig Mac Piarais coláiste dhátheangach lasmuigh den Ghaeltacht--Coláiste Éinne--agus bhí scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú ar fud Shaorstát Éireann agus na Poblachta ó shin i leith.
Bunaíodh eagraíocht nua, Gaelscoileanna Teo, sa bhliain 1973 chun scoileanna nua a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin go leor deacrachtaí, bunaíodh a lán scoileanna nua ar fud na hÉireann.
Bhí sé le maíomh sa bhliain 2005 go raibh gaelscolaíocht ar fáil i ngach aon chontae sa tír, nuair a bunaíodh an chéad ghaelscoil i gContae Liatroma, an t-aon chontae a raibh sí in easnamh air go dtí sin.
Páistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá réimse leathan de Ghaelscoileanna ann, macasamhail scoileanna Bhéarla in Éirinn. Braitheann polasaithe iontrála ar an scoil áirithe féin agus an t-éileamh atá ar an scoil sin sa cheantar.[1]
Is beag duine anois a thagann chuig geataí na Gaelscoile agus iad líofa. Bíonn daoine buartha nach bhfuil a dhóthain Gaeilge acu le tacú lena gclann agus iad ag freastal ar Ghaelscoil. Ach tá cuid mhaith daoine sa bhád céanna agus iad ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag an gcéad ghlúin eile, nach raibh acu féin. Tá cúrsaí agus tacaíocht ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu cur lena gcuid Gaeilge féin.[1]
Scoileanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Má chuirtear gaelscolaíocht Thuaisceart Éireann san áireamh, tá 171 bunscoil agus 7 aonaid bunscoil, agus 31 meánscoil agus 17 aonaid dara leibhéal lán-Ghaelach ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2017, le breis agus 50,000 dalta. Tá breis is 13,000 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbun agus dara-leibhéil sa Ghaeltacht freisin.[7]
Bunscoileanna is mó atá ag múineadh trí Ghaeilge, ach tá fás ag teacht de réir a chéile ar líon na meánscoileanna, nó Gaelcholáistí nó aonaid Ghaeilge mar a thugtar orthu, a n-oibríonn trí mheán na Gaeilge fosta.
Ón bhliain 2016, is í an eagraíocht Gaeloideachas Teo (ar a dtugtaí Ghaelscoileanna Teo, tráth) a chuireann an Ghaelscolaíocht chun cinn i bPoblacht na hÉireann. Déanann an eagraíocht An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) ionadaíocht agus freastal uirthi freisin. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal i bPoblacht na hÉireann.
Tuaisceart Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart na hÉireann sna 1970idí faoin ainm Scoil Phobal Feirste, i nGaeltacht Sheoige: an t-aon Ghaeltacht i dTuaisceart Éireann. Tá níos mó ná 6,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois.[8] Déanann Gaeloideachas Teo agus Comhairle na Gaelscolaíochta freastal agus ionadaíocht ar Gluaiseacht na nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.
Féach Freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Cian Griffin / RTÉ (2024-07-16). "What to expect if you're sending your child to a Gaelscoil" (as ga).
- ↑ Nuacht.com - Léamh an Bhéarla níos fearr ag daltaí Gaelscoileanna - taighde[nasc briste go buan]
- ↑ Comhluadar agus Máiréad Ní Chinnéide. "Ag tógaíl clainne le Gaeilgeː Treoirleabhar do thuismitheoirí". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Cad é an Dátheangachas? (Comhairle do Thuismitheoirí) - béarla" (ga). vTomb. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-19. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- ↑ cogg.ie. "Tumoideachas - bua nó dua ?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-09. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Maitiú Ó Coimín. ""Leanaí dátheangacha níos tuisceanaí faoi éagsúlacht daoine eile" ...staidéar a rinne lucht taighde ón Ollscoil Concordia (a foilsíodh ar 15 Eanáir 2015)" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-16.
- ↑ "Gaelscoileanna – Irish Medium Education". Dáta rochtana: 2021-01-16.
- ↑ Líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh dúbailte - alt in Tuairisc, 2015-01-07, feicthe 2015-01-07