Maya an Bheachín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióMaya an Bheachín
Die Biene Maja
CruthaitheoirWaldemar Bonsels
CumadóirKarel Svoboda
Tíran Ghearmáin
Liosta eipeasóidílist of Maya the Honey Bee episodes (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilmaya.tv Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: f589807d-588a-42f8-a4ba-fd65cb8dd681 Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith teilifíse í Maya an Bheachín, a rinne an comhlacht Francach, 'Studio 100 Animation'[1]. Craoladh ar TG4 í sa bhliain 2016 don chéad uair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an scannán beochana Maya the Bee Movie bunús an scéil. Tháinig an choincheap ó 'Maya the Honey Bee’ (みつばちマーヤの冒険). Seo sraith anime sa bhliain 1975, agus í buanithe ar leabhar a scríobh an Gearmánach Waldemar Bonsels i 1912.

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is scéal é seo faoi Maya, beach óg, agus na himeachtaí a tharlaíonn di nuair a ghoideann duine éigin an mhil ón gcoirceog. Is beaichín fhiosrach í Maya. In éineacht lena cairde Flip agus Willy fiosraíonn sí an domhan draíochtúil ina mórtimpeall. Ach ní maith le Maya na rialacha sa choirceog agus b’fhearr léi bheith ag eitilt ar fud na háite. Bíonn sí i dtrioblóid go minic leis na beacha eile. Sa scannán déanann sí iarracht teacht ar na gadaithe a ghoid an mhil.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]