Matt Talbot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMatt Talbot

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Bealtaine 1856
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Meitheamh 1925
69 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TeangachaBéarla
Ord crábhaidhThird Order of Saint Francis (en) Aistrigh
Ardú
Lá féile7 Meitheamh Cuir in eagar ar Wikidata

Saothraí, agus aiséiteach Caitliceach, as Baile Átha Cliath ab ea Matt Talbot, urramach (2 Bealtaine 1856 - 7 Meitheamh 1925). Tá urraim mhór dó i measc lucht Caitliceach ar fud an domhain.

Ceiliúrtar a lá féile ar 16 Meitheamh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Matt Talbot i mBaile Átha Cliath, i lár na cathrach sa bhliain 1856. Ní raibh spéis ag duine ar bith san fhear seo le linn a shaoil.[1] Ba dhuine bocht é Matt Talbot. Meisceoir ab ea é, nuair a bhí sé óg.[2]

Bhuail taom croí é ar 7 Meitheamh 1925 ar Lána Granby (Sráid Dhoiminic), BÁC. Ach nuair a fuair an Talbóideach bás go tobann, ba léir óna chorp go raibh slabhraí ceangailte aige leis féin as a stuaim féin mar pheannaid.

Ansin bhí daoine ag iarraidh a fháil amach faoi shaol an duine seo agus cén fáth go ndearna sé an pheannaid seo.

Lána Granby (Sráid Dhoiminic), BÁC

Scríobh Thomas Kilroy an dráma cáiliúil ‘Talbot’s Box’ faoi shaol Matt Talbot agus chraol TG4 clár faoi, "Scéalta Átha Cliath", sa bhliain 2012.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Gaelscéal" (14 D.F. 2011). Dáta rochtana: 2020.
  2. Lorcan S. O. Treasaigh (2002-03-01). "Céard é English?" (as ga). Cois Life.