Matisyahu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMatisyahu

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Matthew Paul Miller
30 Meitheamh 1979
44 bliana d'aois
West Chester, Pennsylvania, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteMatisyahu Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síHadar Hatorah (en) Aistrigh
White Plains High School (en) Aistrigh
The New School
Eugene Lang College of Liberal Arts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, aisteoir, rapálaí, amhránaí, amhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2001 –
SeánraReigé agus rac malartach
TeangachaBéarla
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilEpic Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmatisyahuworld.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1875458 Facebook: matisyahu Twitter: matisyahu Instagram: matisyahu Youtube: UC08nqw3NQERl0-zFrLZbN-Q Souncloud: matisyahu Spotify: 5eyMzR1hYiEZtN2c9ly2kw iTunes: 27258690 Last fm: matisyahu Musicbrainz: e8993e9d-9313-4447-ad23-791459a3790d Discogs: 446477 Allmusic: mn0000075623 Deezer: 839 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí reggae é Matisyahu, ó Nua-Eabhrac, Meiriceá. Is Giúdach Haisideach é, ón bpobal Chaibead-Lubabhitse in Crown Heights, Brooklyn, Nua-Eabhrac.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Matisyahu leis an ainm Maitiú Pól Miller i West Chester, Pennsylvania agus bhog sé chuig White Plains, Nua-Eabhrac go gairid ina dhiaidh sin. Tógadh é mar Ghiúdach Athfhoirgneach, gan mórán cleachtadh. Lean sé an banna Jam Phish mar dhéagóir agus tháinig sé ar reggae tréimhse gairid ina dhiaidh sin. Thaitin tagairtí do "Zion" agus "Jah" sna hamhráin Bob Marley agus mar sin de leis. Agus é sé bliana déag d'aois, chuaigh sé chuig meánscoil san Iosráel chun staidéar a dhéanamh ar oidhreacht an Giúdachais, agus d'aithrigh sé go mór a smaoineamh faoin reiligiún. Chuaigh sé go dtí scoil Hadar HaTorah chun Torah a staidéar, agus scríobh sé a chéad albam "Shake Off The Dust... Arise" ansin sular chríochnaigh sé a staidéir ansin.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógann Matisyahu a lán tionchair ón Ghiúdachas ina liricí. Tá meascadh reggae, rap agus giotár rac-cheoil le cloisint sa cheol aige. Déantar comparáid idir Matisyahu agus amhránaithe cosúil le Sizzla, Buju Banton agus Sublime. Canann sé leis an mbanna Roots Tonic. Is iad Aaron Dugan (giotár), Josh Werner (dordgiotar) agus Jonah David (drumaí) baill den banna sin.

Shake Off The Dust... Arise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an albam seo amach sa bhliain 2004 leis an comhlacht bheag JDub. Tá tionchar an yeshiva láidir, le scéalta ón mBíobla i cúpla hamhráin agus tá caint ó dhá rabbi ar dhá "Interlude" agus an "Outro". Tá "Warrior" agus "King Without A Crown" na hamhráin is láidre san albam seo.

  1. "Chop 'em Down" – 5:45
  2. "Tzama L'Chol Nafshi (Psalm – 63:2-3)" – 1:50
  3. "Got No Water" – 5:54
  4. "King Without A Crown" – 5:19
  5. "Interlude" – 0:54
  6. "Father in the Forest" – 4:59
  7. "Interlude" – 0:17
  8. "Aish Tamid" – 6:48
  9. "Short Nigun" – 1:46
  10. "Candle" – 6:22
  11. "Close My Eyes" – 4:55
  12. "Interlude" – 0:17
  13. "Exaltation – 5:04
  14. "Refuge" – 3:28
  15. "Interlude" – 0:23
  16. "Warrior" – 7:23
  17. "Outro" – 2:15

Live At Stubbs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo albam ceoil beo ó chlub Stubbs in Austin, Texas ar oíche an 19ú Feabhra 2005. Scaoileadh é ar an 19ú Aibreáin sa bhliain chéanna. Matisyahu agus Roots Tonic a sheinneann air, le Yoni mar MC ar "Beat Box". Chuaigh an albam isteach sna cairteacha ag uimhir 30. Bhris an t-amhrán "King Without A Crown" isteach sa Billboard Top 10.

  1. "Sea to Sea" – 4:07
  2. "Chop 'Em Down" – 4:03
  3. "Warrior" – 7:58
  4. "Lord Raise Me Up" – 3:52
  5. "King Without a Crown" – 4:48
  6. "Aish Tamid" – 6:55
  7. "Beat Box" – 5:05
  8. "Fire and Heights" – 4:20
  9. "Exaltation" – 6:57
  10. "Refuge" – 4:02
  11. "Heights" – 3:23
  12. "Close My Eyes" – 4:26

Youth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scaoileadh an t-album seo ar an 7ú Márta 2006 ar JDub fós, ach le Epic Records freisin. Tá i bhfad níos mó tionchar ón popcheol le feiceáil ann. D'obair Bill Laswell ar mar producer agus bhí Roots Tonic ar ais arís. D'imigh sé díreach isteach san áit tosaigh ar na cairteacha iTunes an lá a tháinig sé amach, agus shuigh sé ar uimhir a 4 sna cairteacha Billboard ar feadh dhá seachtaine. Bhí físeán ceart déanta le haghaidh an amhráin "Youth".

  1. "Fire Of Heaven / Altar Of Earth" – 3:59
  2. "Youth" – 4:18
  3. "Time of Your Song" – 4:27
  4. "Dispatch the Troops" – 4:05
  5. "Indestructible" – 4:09
  6. "What I'm Fighting For" – 2:11
  7. "Jerusalem" – 4:00
  8. "WP" – 3:58
  9. "Shalom/Saalam" – 1:06
  10. "Late Night in Zion" – 3:13
  11. "Unique is My Dove" – 3:24
  12. "Ancient Lullaby" – 4:18
  13. "King Without a Crown" – 3:42

Tá "Youth Dub" le fáil freisin ar Epic agus JDub.

An t-ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an t-ainm Matisyahu ón sagart Hasmonéach Mattathias (sa Gréigis) a dhearna éirí amach i gcoinne na Seiliúsaidigh sa dara céad roimh Chríost. Thóg Maitiú Miller an t-ainm seo nuair a tháinig sé ar ais sa Giúdachas, mar gur deantar dearmaid ar a haimn Íbhriú dlítheach óna bris. Tháinig sé ar an ainm sin arís go déanaí - Feivish Hershel. Deir na rabbíocha leis Matisyahu a úsáid.

Suíomhacha Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]