Martin Schulz
Polaiteoir Gearmánach de chuid an SPD (Gaeilge: 'Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine') is ea Martin Schulz. Ba in Hehlrath na Gearmáine gur rugadh é ar an 20ú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1955. Bhí Schulz ina mhéara ar Würselen, cathair atá suite i Nordrhein-Westfalen, ón mbliain 1987 go dtí an bhliain 1998. Tá sé ina fheisire i bParlaimint na hEorpa ón mbliain 1994 amach, agus ba é Schulz Uachtarán na Parlaiminte sin ón mbliain 2012 go dtí an bhliain 2017.
Ar an 29ú lá de mhí Eanáir sa bhliain 2017, d'fhógair Sigmar Gabriel, a bhí ina cheannaire ar an SPD ag an am, go raibh sé i gceist aige éirí as an bpost sin ar mhaithe le Schulz, ionas go mbeadh Schulz in ann a bheith ina Kanzlerkandidat ag an SPD in olltoghchán na bliana 2017.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |