Martín de Tours
Ba naomh é Mártain, Mairtín nó Martín de Tours (a rugadh i 316 nó 336 i Savaria, Deoise an Phanóin, agus uncail Naomh Pádraig, is cosúil.
Fuair Mártain bás ar an 8 Samhain 397 sa Ghaill.
Nósannna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 11 Samhain, déantar ceiliúradh ar Naomh Mártain timpeall na hEorpa ar fad.[1]
- Sa Ghearmáin, siúlann páistí óga trí na sráideanna le laindéir ildaite ina lámha. Canann siad amhráin atá foghlamtha de ghlanmheabhair acu in ómós do Naomh Mártain[2]. Ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.
- De réir an fhinscéil, chuaigh Mártain i bhfolach[3] i measc na ngé nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé inniu ar Mór Roinn na hEorpa.

Naomh Mártain in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní nach ionadh go bhfuil sean-nósanna ar leith ag baint leis an 11 Samhain in Éirinn: faightear spléachadh ar chúlra agus ar oidhreacht Naomh Mártain sa chuntas seo i mBailiúchán na Scol.
Dar leis an scéal seo, bhíodh sé de nós ag seandaoine éan éigin ar nós gé, circe nó lachan a mharú an oíche roimh Lá Fhéile Mártain, an 10 Samhain, agus an fhuil a scaoileadh mórthimpeall chró na gcearc[4]. Luaitear sa scéal seo go gcuireadh gach duine den líon tí crosóg air féin[5] agus deiridís an méid seo a leanas:
“Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a tharrtháil is a chur ar ár leas;
is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst.”
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ en.wikipedia.org (2018). "St. Martins Day Celebrations around the world".
- ↑ gaois.ie. "Lá Fhéile Mártain". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ aonghus.blogspot.com (2009). "Droch lá, más gé tú!". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ duchas.ie. "Nósanna". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ dúchas.ie (2018). "Naomh Máirtín".