Jump to content

Lá an Altaithe (Stáit Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá an Altaithe
Íomhá
Cineálsaoire phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna Cuir in eagar ar Wikidata
Lá den tseachtainDéardaoin Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Massachusetts in 1621, le Jean Leon Gerome Ferris, t. 1912.

Ceiliúrtar Lá an Altaithe ar an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna sna Stáit Aontaithe. Is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile). Is ócáid é a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.

I ndeireadh an tsamhraidh 1620, tháinig grúpa oilithreach i dtír in Plymouth, Massachusetts, agus iad ar a mbealach go Virginia, áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith.[1] Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin.

Fuair 49 den 102 oilithreach bás an geimhreadh sin, ach threabhadar leo, agus le cúnamh Indiaigh darbh ainm Squanto, a raibh Béarla aige ó na blianta a chaith sé mar sclábhaí ag na Sasanaigh, d’fhoghlaimíodar modhanna feirmeoireachta.

Cárta Thanksgiving le Frances Brundage, t. 1900

Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú. Is cosúil gur tugadh cuireadh do roinnt Indiach sa cheantar, agus is mór an seans gur itheadh turcaí agus prátaí milse. Is cinnte gur lean an fhleá ar feadh trí lá, agus gur thug na hIndiaigh fianna le róstadh do na hoilithrigh. Ach ba Dhian-Phrotastúnaigh na hoilithrigh seo, agus ní raibh ceiliúradh eile ann ina dhiaidh sin.

B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, Virginia, dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite.

1940ː Is ócáid é a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.

Le linn Chogadh Saoirse Mheiriceá sna 1770idí, gaireadh laethanta altaithe as na buanna áirithe a bhain fórsaí Mheiriceá amach in aghaidh Shasana. Ach ceiliúradh iad ar laethanta difriúla de réir mar a shocraigh na stáit áirithe iad dóibh féin.

Ghair George Washington laethanta altaithe faoi dhó, i 1789 agus i 1795. Ó am go chéile as sin amach, ghair an tUachtarán lá altaithe má shíl sé go raibh cúis altaithe ag an tír.

Na rialacha, 1981

Ba é Abraham Lincoln a leag síos dáta oifigiúil dó den chéad uair. Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin. Ba chosúil, dar leis, go raibh ag éirí go maith le harm na hAontachta sa chogadh cathartha, agus ba mhian leis altú a thabhairt dá réir. Thaitin an fhéile go mór le pobal na tíre, agus gaireadh Lá Altaithe chuile bhliain ó shin i leith.

"A Thanksgiving day movie;a picture show of Puritan days" le Hermes, Ethelle Manning, 1929

Lá tábhachtach is ea Lá Altaithe i miotaseolaíocht Mheiriceá.

Itear turcaí, prátaí milse, búiste, anlann mónóg agus pióg puimcín.

Nós é i Meiriceá gan éinne a fhágáil leis féin Lá Altaithe. Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo.

Tá béim ar leith leagtha ar an Pheil Mheiriceánach. Imrítear dhá chluiche mhóra ar a laghad ar Lá an Altaithe.

  1. Brian Ó Broin. "Lá Altaithe: an fhéile is ansa leis na Meiriceánaigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-26.