Mark Rutte
Ard-Rúnaí ECAT - ó 2024 - agus iar-Príomh-Aire na hÍsiltíre is ea Mark Rutte (ar 14 Feabhra 1967 a rugadh é). Bhí sé sa phost sin ó am go ham idir 13 Meán Fómhair 2010 agus 10 Bealtaine 2023 (nó go dtí 1 Iúil 2024 i rialtas sealadach). Ball den People's Party for Freedom and Democracy (an VVD, nua-liobrálach) is ea é.[1]



Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Rutte ina cheannaire ar 4 chomhrialtas san Ísiltír idir 2010-2023.[2][3]
In 2017, d’éirigh leis an VVD an sciar is mó de na vótaí a fháil, 21.3 faoin gcéad, nó 33 den 150 suíochán sa pharlaimint.[4][5]
Sa bhliain 2023 tharla scoilt ina rialtas mar gheall ar easaontas faoi srianta a chur ar an inimirce. Ar 8 Iúil 2023, dúirt Rutte go n-éireodh sé as an bpolaitíocht ar fad tar éis dá chomhrialtas titim as a chéile. Tháinig a ráiteas aniar aduaidh ar an bpobal, ós é an ceannaire is faide seirbhís sa tír.[6] Amhail Emmanuel Macron i mí an Mheithimh 2024 sa Fhrainc, cinneadh Rutte dul sa seans le toghchán roimh dheireadh a théarma ba chúis le bua mór na heite fíordheise san Ísiltír in 2023. Ansin tháinig deireadh le ré
Tháinig deireadh le ré Rutte san Háig.ar an 1 Iúil 2024 nuair a d’éirigh an chéad-aire Mark Rutte as go hoifigiúil – tar éis dó 5,010 lá, nó nach mór 14 bliain, a chaitheamh i gcumhacht agus é i gceannas ar cheithre chomhrialtas éagsúla.[7]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Rutte, nua-liobrálach go smior, an chéad-aire ab fhaide a bhí i gceannas san Ísiltír riamh. Scrios sé mar shampla an córas sláinte agus rinne sé slad ar an earnáil chultúrtha. Ach is fear é a bhfuil coinsias láidir aige agus ba léir sin, mar shampla, nuair a thagair sé san aitheasc deireanach sin don leithscéal oifigiúil a ghabh sé in 2023, thar ceann mhuintir na hÍsiltíre ar fad, leo siúd a d’fhulaing de bharr na sclábhaíochta, agus do chás an MH17, eitleán de chuid Malaysian Airlines ar bhuail diúracán Rúiseach é os cionn na hÚcráine ar an 17 Iúil 2014. Tá seasamh fíorláidir frithRúiseach ag Rutte agus gan dabht chabhraigh an diongbháilteacht lenar throid sé ar son chearta na n-íobartach i gcás MH17 lena cheapachán i mí an Mheithimh 2024 mar ArdRúnaí ar ECAT.
Státaire go smior é Rutte, idirbheartaí den scoth a n-éiríonn leis dreamanna éagsúla a thabhairt le chéile go minic, agus lena chois sin, amhail Angela Merkel na Gearmáine tráth den saol, duine é a léirigh san am a caitheadh go seasfaidh sé an fód go láidir i gcoinne leithéidí Trump agus Putin – cúpla ráiteas tarcaisneacha san áireamh más gá.[7]
‘Le chéile’, sin dhá fhocal ar leag Rutte béim orthu arís is arís eile ina aitheasc deireanach mar chéad-aire ar an 30 Meitheamh 2024. Seasaigí le chéile an chomhairle a bhí aige do mhuintir na hÍsiltíre i dtagairt neamhcheilte don chomhrialtas de chuid na heite fíordheise faoi stiúir Dick Schoof (fear ionaid Geert Wilders) a chuaigh i mbun oibre ar an 2 Iúil 2024.[7]
ECAT
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2024, d'éirigh Rutte ina Ard-Rúnaí ar ECAT. Idir an cogadh san Úcráin, an choimhlint sa Mheánoirthear, agus na pobalóirí Marine Le Pen, Giorgia Meloni, Donald Trump et al, tá a chuid scileanna idirbheartaíochta ar fad ag teastáil ó Rutte chun NATO a choinneáil le chéile.[7] Tháinig sé i gcomharbacht go hoifigiúil ar an Ioruach Jens Stoltenberg ar an 1 De ireadh Fómhair 2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2023-07-10). "Timpeall na Cruinne" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (Eanáir 20 2021). "TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Ciníochas córasach de chuid an stáit ba chúis le titim tríú rialtas Mark Rutte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmans (Márta 22 2023). "Bua ollmhór do pholaiteoir leath-Éireannach i dtoghcháin san Ísiltír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmams (Márta 16 2017). "Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmans (Meitheamh 14 2017). "Míreanna mearaí Mark Rutte – an Ísiltír trí mhí ag fanacht ar chomhrialtas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmans (Márta 17 2021). "TUAIRISC ÓN ÍSILTÍR: Mark Rutte, an príomhaire atá déanta as polaiteitreafluaireitiléin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 Alex Hijmans (3 Iúil 2024). "Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-07.
- ↑ Sharjah24 News (2023-07-07). "Dutch PM Rutte says resigning over 'irreconcilable' migration row" (Youtube).