Mario Rosenstock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMario Rosenstock

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1971
52 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Waterpark Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, ceoltóir, aithriseoir, fuirseoir, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Duine muintearthaLarry Rosenstock (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0742709 Musicbrainz: 9b73f61d-29e4-445c-b666-3f314c433d52 Cuir in eagar ar Wikidata


Is aisteoir, fuirseoir, aithriseoir agus ceoltóir Éireannach é Mario Rosenstock (rugadh 31 Lúnasa 1971). Bhain sé a cháil is mó amach ar an gclár grinn raidió Gift Grub agus mar gheall ar na hamhráin agus na carachtair a d'eascair ón tsraith sin.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sinsir Ghiúdacha ón nGearmáin aige ar thaobh a athar agus tá an file Gaeilge Gabriel Rosenstock ina uncail aige. Tá líofacht na Gaeilge ag Mario féin agus is minic go mbíonn an Ghaeilge in úsáid aige ina chuid sceitsí grinn.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé cáil amach ar dtús ar an sobaldráma Glenroe, i bpáirt an dochtúra, David Hanlon. Ach bhain sé an cháil is mó amach mar gheall ar na sceitsí grinn a thosaigh sa bhliain 1999 ar an stáisiún raidió, Today FM. I measc na gcarachtar a ndéanann Rosenstock aithris orthu ar an gclár, tá Bertie Ahern, Colin Farrell, Roy Keane agus Daniel O'Donnell. Bhí cáil mhór ar an scigamhrán a chan sé, José and his Amazing Technicolor Overcoat, ina ndearna sé aithris ar an mbainisteoir sacair, José Mourinho. Scaip scéal an amhráin chomh fairsing sin ar an idirlíon gur chuala Mourinho féin é agus thug ard-mholadh dó é féin.[1]

Ghlac sé páirt Roy Keane, sa dráma ceoil grinn, I, Keano sa bhliain 2005.

D'éirigh leis áit Uimh.1 a bhaint amach sna cairteacha ceoil leis an scigamhrán, 'Leave Right Now', a rinne aithris ar amhrán le Will Young, agus an t-amhrán á chanadh ag an bpeileadóir sacair Éireannach, Roy Keane. Rinne an t-amhrán magadh faoi Keane agus é ag fágáil an chlub peile, Manchester United F.C..

Scannánliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-04-28. Dáta rochtana: 2008-01-01.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]