Marianus Scottus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Féach freisin Marianus Scotus Regensburg.
Infotaula de personaMarianus Scottus
Beathaisnéis
Breith1028
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Nollaig 1082
53/54 bliana d'aois
Mainz Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMainz Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 11ú aois
Tréimhse oibre(Floruit: 11 haois)
TeangachaAn Ghaeilge agus an Laidin
Ord crábhaidhBeinidictigh
Mainistir Mhaigh Bhile

Manach agus croiniceoir Gaelach ab ea Marianus Scottus (Gaeilge: Muiredach mac Robartaig); (1028- circa. 1081) a bhunaigh an mhainistir Kloster Weih Sankt Peteri (Mainistir Naomh Peadar) i Ratisbona. Scríobh sé féin a leasainm le dhá t ("Scottus", cf. Vín, Leabharlann Náisiúnta na hOstaire, Cod. 1247).

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha gurb in iarthuaisceart Uladh a rugadh é, agus gur bhain sé leis an teaghlach 'Maic Robartaig', a bhí ina chomharba eaglasta agus ina choimeadaithe oidhreachtúla Chathach Cholm Cille.[1]

Chuaigh sé isteach i mainistir Mhagh Bhile, (i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin) nuair a bhí sé 24 bliana d’aois.

Oilithreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1067 d’fhág sé a thír dhúchais, agus é ar oilithreach le beirt chompánach darb ainm Johannes agus Candidus chun na Róimhe.[2]

Ar an mbealach ansin ina ionad sin chinn sé ar dhul isteach i mainistir Michelsberg in aice le Bamberg mar Bheinidicteach. Tuairiscítear go hanacronachas gur spreag an tEaspag Otto von Bamberg é féin agus a chompánaigh chun páirt a ghlacadh ann. Bhog Marianus go Regensburg ar a dhéanaí i 1074, áit a bhfuair sé lóistín i mainistir mná Niedermünster i dtosach (b’fhéidir roimhe sin freisin i mainistir mná Obermünster) agus tháirg sé lámhscríbhinní le haghaidh maireachtála.

Sa bhliain 1075/1076 bhronn máthairab Obermünster Eaglais Choiscthe Naomh Peadar air, áit ar shocraigh sé agus ar bhunaigh sé pobal mainistreach sa deireadh, a mhéadaigh go tapa ag oilithrigh Éireannacha eile agus bhí sé i gceannas ar mhodh aba (go hoifigiúil bhí sé i seilbh na hoifige mar ab). De réir a chéile ba núicléas do mhainistreacha na nGael iad, mainistir Weih Sankt Peter agus mainistir Éireannach Naomh Jakob, a bunaíodh i Regensburg go luath ina dhiaidh sin (cé gur tar éis bhás Marianus atharla sin). Mastar gurb é Marianus athair bunaitheach na mainistreacha Gaelacha (Schottenkloster) seo amháin.

A dhearbhú ina bheannaitheach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús na 1080idí, is dócha i 1081, d’éag Marianus. Tar éis a bháis, beannaíodh é agus ceiliúrtar a lá féasta an 17 Aibreán, nó, de réir na Bollandistes, an 9ú Feabhra.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Marianus Cronica Clara, a mhaíonn gur 'stair uilíoch' í, ó chruthú an domhain go dtí an bhliain 1082.[3] Faightear dé-chóras uimhrithe bunaithe ar míthuiscint go ndearna Dionysius Exiguus botún 22 bliain ina chuid socruithe. An-mór le rá a bhí an croinic le linn na meánaoise agus, i Sasana, baineadh an-úsáid as, ag John of Worcester agus scríbhneoirí eile.[4] Foilsíodh é ar dtús i mBasel sa bhliain 1559[5] agus d'eagraigh Georg Waitz é le réamhrá ar son Monumenta Germaniae Historica: Scriptores, iml. V.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Middle Irish glosses of Marianus Scottus alias Muiredach mac Robartaig in the Vienna Cod. 1247, http://mural.maynoothuniversity.ie/12915/1/Stifter%2C%20David%20-%20Glosses%20of%20Marianus%20Scottus%20-%20Peritia%202018.pdf
  2. Marianus Scottus (the Abbot). https://www.newadvent.org/cathen/09662b.htm
  3. Leonard E. Boyle Medieval Latin Palaeography: A Bibliographical Introduction 1984, lch 97, "the chronicle of Marianus Scotus of Mainz"
  4. Naomi Reed Kline Maps of Medieval Thought: The Hereford Paradigm 2001, lch. 221
  5. CHRONICA: ad Euangelij ueritatem,…, chéad eagrán: Jacobus Parcus, Basel, 1559. Féach Stadtbibliothek Mainz, [Sign. IV e:2°/93] le haghaidh cóipe.
  6. Féach freisin W. Wattenbach, Deutschlands Geschichtsquellen (Bd. ii., 1894).