Margaret Michaelis-Sachs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMargaret Michaelis-Sachs
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1902
Czechowice-Dziedzice, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Deireadh Fómhair 1985
83 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgrianghrafadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Ba ghrianghrafadóir Ostarach-Astrálach de bhunadh Polannach-Giúdach í Margaret (Margarethe) Michaelis-Sachs (née Gross, 1902 - 1985). Chomh maith lena iliomad portráidí, tá spéis stairiúil mharthanach ag a radhairc ailtireachta de Bharcelona agus a cuid íomhánna den cheathrú Ghiúdach i Kraków sna 1930idí.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í i Dzieditz in aice le Bielsko i ndeisceart na Polainne (an Ostair-Ungáir mar a bhí) ar 6 Aibreán 1902, iníon le Heinrich Gross, dochtúir Giúdach saibhir. Rinne sí staidéar ar ghrianghrafadóireacht ag Graphische Lehr-und Versuchsanstalt i Vín ó 1918 go 1921.[1]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1922, agus í fós i Vín, d’oibrigh sí den chéad uair ar feadh tréimhse sa Studio d’Ora sular chaith sí roinnt blianta ag an Atelier für Porträt Photographie. Chuaigh sí ar aghaidh ag obair do Bhinder Photographie i mBeirlín agus Fotostyle i bPrág, agus ar deireadh d’fhill sí ar Bheirlín i 1929 chun obair a dhéanamh go huaineach do stiúideonna éagsúla le linn aimsir chrua na spealta.[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Helen Ennis, "Michaelis, Margarethe (1902–1985)", Australian Dictionary of Biography. Retrieved 14 March 2013.
  2. Helen Ennis, "Margaret Michaelis: Love, loss and photography" Curtha i gcartlann 2021-02-02 ar an Wayback Machine. National Gallery of Australia. Retrieved 14 March 2013.