Marcus Antonius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba pholaiteoir Rómhánach cáiliúil agus ghinearálta é Marcus Antonius (Rugadh 14 Eanáir, 83 RC., fuair bás 1 Lúnasa, 30 RC.) aitheanta sa Ghaeilge mar Marcas Antaine, a d'imir ról ríthábhachtach i dtarfhoirmiú Phoblacht na Róimhe ó holagarcacht go dtí Impireacht Rómhánach uathlathach.

Bhí Marcus Antonius go mór i bhfách le Iúil Caesar, agus rinne sé seirbhís mar cheann amháin dá ghinearáil, le linn Chogaidh na nGallach agus an cogaidh chathartha. Ceapadh Marcus Antomius ina riarthóir na hIodáile, le linn do Chaesar a chéile comhraic polaitiúla sa Ghréig, san Afraic Thuaidh agus san Spáinn a dhíothú. Tar éis gur maraíodh Caesar, sa bhliain 44 RC, chuaigh Marcus Antonius i bpáirt le fórsaí Mharcuis Aemilius Lepidus, ceann eile de ghinearáil Chaesair, agus Octavian, nia Chaesair agus a mhac uchtaithe, ag cur ar bun deachtóireacht thriúracht ar a dtugtar sa stair an Triúir-Fhlaitheas. Chloigh forsaí an Thriúir-Fhlaithis dúnmharfóirí Chaesair, na Liberatores, ag Cath Filippi, sa bhliain 42 RC, agus roinneadar rialtas na Poblachta idir iad féin. Tugadh cúigí oirthearacha na Róimhe do MharcusaAntonius, lena n-áirítear cliant-ríocht na hÉigipte, A bhí ansin faoi rial Chléópátra VII Philopator, agus tugadh ceannasaíocht dó cogadh a fhearadh ar Pharthia.

An Mheánmhuir ársa sa bhliaini 50 RC ag deireadh Chogaí na  nGallach, le críoch na Róimhe sa dath buí.

Luath-shaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Comhalta den gens pleibeach Antonia, rugadh M. Antonius sa Róimh ar 14 Eanáir, 83 RC. [1][2] Ba é Marcus Antonius Creticus a athair agus a chomhainmneach, mac an oratóra leis an t-ainm céanna, a dúnmharaíodh le linn Ollsceimhle Mhairias, le linn an gheimhridh 87-86 RC.[3] Ba é Giulia Antonia a mháthair, col ceathrar i bhfad amach d'Iúil Caesar. Ba naíonán é M. Antonius tráth gur mháirseáil Lucius Cornelius Sulla ar an Róimh, sa bhliain 82 RC. [4]

Lucius, deartháir M. Antonius, ar bhoinn a eisíodh ag Eifeasas, le linn a chonsalachta, sa bhliain 41 RC

Dar leis an oratóir Rómhánach Marcus Tullius Cicero, bhí athair M. Antonius neamhinniúil agus éillitheach, agus níor tugadh cumhacht dó ach toisc nach raibh sé in ann í a úsáid nó a mhí-úsáid go héifeachtach.[5] Sa bhliain 74 RC tugadh ceannas míleata dó chun foghlaithe na Meánmhara a chosc, ach fuair sé bás sa Chréit sa bhliain 71 RC, gan dul chun cinn suntasach a dhéanamh.[3][5][6] D'fhág bás Antonius an seanóir, M. Antonius agus a dheartháireacha, Lucius agus Gaius, faoi chúram a máthair, Julia, a phós ina dhiaidh sin Publius Cornelius Lentulus Sura, baill ríthábhachtach de chuid na seanuaisleachta Paitríocha.[7] Bhí Lentulus, in ainneoin leas a bhaint as a rath polaitiúil le haghaidh ratha airgeadais, i bhfiacha i gcónaí mar gheall ar ainmheasarthacht a stíl mhaireachtála. Ba phearsa lárnach é sa Dara Comhcheilg Chaitilíneach agus cuireadh é chun báis go hachomair ag orduithe an Chonsail Cicearó sa bhliain 63 RC, de bharr a rannpháirtíocht. [7]Mar thoradh air ar a bhás, bhí easaontas géar idir M. Antonius agus an oratór cáiliúil.

Cogadh cathartha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Cato Óg, ball de dhream na hOptimates, ar cheann de phríomh-ailtirí na bhforaitheanta, a spreag Caesar le cogadh sibhialta a thosnú.
Cath Pharsalus: cath cinntitheach Chogadh Sibhialta Chaesair. Bhí Marcus Antonius i gceannas ar sciathán clé d'arm Chaesair.

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Plutarch, Life of Antony 86.5.
  2. Suerbaum 1980, 327–34.
  3. 3.0 3.1 Huzar 1978, p. 14
  4. Goldsworthy, 2010, p. 39
  5. 5.0 5.1 Huzar 1978, p. 15
  6. Scullard 1980, p. 154
  7. 7.0 7.1 Huzar 1978, p. 17

Príomhfhoinsí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Foinsí tánaisteacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]