Mappa mundi
Cuma
Is éard atá i gceist le mappa mundi nó mappamundi ná léarscáil an Domhain, go mór mhór iad a rinneadh san Eoraip sa Mheánaois. Tá timpeall 1,000 ceann ar marthain inniu. An mappa mundi is cáiliúla díobh is dócha ná an ceann ón 13ú céad atá in Ardeaglais Hereford Shasana. Ar pár atá sí, 163 × 137 cm, an Domhan léirithe mar chiorcal, Iarúsailéim i lár baill agus an Bhreatain is Éire ar an imeall. Timpeall 500 léaráid atá uirthi agus eolas bealaí d'oilithreachtaí, trádáil, taisteal, ailtireacht, ainmneacha áiteanna, stair, miotaseolaíocht, fásra is ainmhithe. Bhí baol ann i 1988 go ndíolfaí í chun airgead a fháil leis an ardeaglais a dheisiú, ach chuir rialtas na Breataine airgead isteach chun é sin a sheachaint.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Mappa mundi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 437.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |