Malartú gáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Próiseas fisiceach trína mbogann gáis go neamhghníomhach trí idirleathadh thar dhromchla is ea malartú gáis. Mar shampla, d’fhéadfadh gurb é an dromchla seo ina chomhéadan idir aeir agus uisce dobharlaigh, ina dhromchla boilgeoige gáis i leacht, ina scannán gáis-tréscaoilteachta, ina scannán bitheolaíoch a fhoirmíonn an teorainn idir orgánach agus a thimpeallacht eachtarcheallach.

Bíonn gásanna á dtomhailt agus á dtáirgeadh i gcónaí ag imoibriúcháin ceallacha agus meitibileacha i bhformhór na rudaí beo, agus mar sin teastaíonn córas éifeachtach chun gás a mhalartú ar deireadh thiar thall, an taobh istigh den chill / na cealla agus an timpeallacht sheachtrach. istigh na cille / na gcealla agus an timpeallacht sheachtrach.

Bíonn cóimheas ard idir dromchla-go-toirt ag orgánaigh bheaga, go háirithe aoncheallach, mar shampla baictéir agus prótasóin. Sna créatúir seo is gnách gurb é t-aonad malartaithe gáis ná an cillscannán. Tá roinnt orgánaigh bheaga ilcheallacha, mar leithphéisteanna, in ann malartú gáis leordhóthanach a dhéanamh ar fud an chraicinn nó an chúitinigh atá timpeall ar a gcorp. Mar sin féin, i bhformhór na n-orgánach níos mó, a bhfuil cóimheasa beaga dromchla-go-toirt acu, soláthraíonn struchtúir speisialaithe le dromchlaí corntha cosúil le geolbhaigh, , ailbheolais scamhógacha agus méisifill spúinseach an limistéar mór atá riachtanach le haghaidh malartú éifeachtach gáis. Uaireanta féadtar na dromchlaí corntha seo a inmheánú i gcorp an orgánaigh. Is amhlaidh an cás leis na hailbheolais, atá mar dhromchla istigh de chuid na scamhóga mamaach, an mhéisifill spúinseach, atá le fáil taobh istigh de dhuilleoga plandaí de chineálacha áirithe, nó geolbhaigh na moileasc sin atá siad acu, atá le fáil sa sa chuas maintlín.

Sna horgánaigh aeróbacha, bíonn malartú gáis an-tábhachtach maidir le riospráid, a bhaineann le ráta ionsúite ocsaigin (O2) agus scaoileadh dé-ocsaíd charbóin (CO2). Os a choinne sin, sna horgáin fhótaisintéiseachain ocsaigineacha mar fhormhór na bplandaí talún, is é innsú dé-ocsaíd charbóin agus scaoileadh ocsaigine agus gal uisce na príomhphróisis malairte gáis a tharlaíonn i rith an lae. Tá próisis mhalartaithe gáis eile tábhachtach in orgánaigh nach bhfuil chomh haithnidiúil: e.g. Déantar dé-ocsaíd charbóin, meatán agus hidrigin a mhalartú ar fud chillchealla na mbaictéar meatánaigineach Archaea. I bhfosú nítrigine ag baictéir dé-asatrófach agus dínítriú ag baictéir heitreatrófacha (mar shampla Paracoccus denitrificans agus Pseudomonadaceae éagsúla)[1], déantar gás nítrigine a mhalartú leis an gcomhshaol, á thógáil ag an gcéad cheann agus á scaoileadh isteach ag an dara ceann, cé go mbíonn tiúbphéisteanna ollmhóra (Riftia pachyptila) ag brath ar bhaictéir chun ocsaídiú a dhéanamh ar shuilfíd hidrigine a bhaintear as a dtimpeallacht domhainfharraige,[2] ag úsáid ocsaigine tuaslagtha san uisce mar ghlacadóir leictreon.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "{{{title}}}" (1983). Appl. Environ. Microbiol. 45: 1247–1253. 
  2. C.Michael Hogan. 2011. Sulfur. Encyclopedia of Earth, eds. A.Jorgensen and C.J.Cleveland, National Council for Science and the environment, Washington DC Curtha i gcartlann Deireadh Fómhair 28, 2012, ar an Wayback Machine