Mainistir Thigh Molaige
Mainistir Thigh Molaige | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Mainistir agus fothrach mainistreach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Tigh Molaige, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 21 | |||
Mainistir Phroinsiasach i dTigh Molaige, Co. Chorcaí is ea Mainistir Thigh Molaige. Timpeall na bliana 1300 a bunaíodh í ar shuíomh mhainistir ársa Molaige Naofa. Muintir de Bharra agus Mhic Cárthaigh atá curtha sa mhainistir a mhaoinigh a tógáil. Sa bhliain 1480 scríobhadh sa mhainistir Leabhar Mhic Cárthaigh Riabaigh nó Leabhar Leasa Móire mar a thugtar air. Rinneadh Easpag an Rosa d'Easpag an Chlochair, Edmund de Courcey O.F.M., sa bhliain 1495 agus chuir sé faoi sa mhainistir; is eisean a thóg an túr, an suanlios, an otharlann agus an leabharlann.
Nuair a tugadh Cath Chionn tSáile sa bhliain 1601 bhí an mhainistir faoi bhagairt ag an dá thaobh a bhí in adharca a chéile óir sheas cuid de mhuintir de Barra agus Mhic Cárthaigh le héirí amach Aodh Uí Néill ach ghabh cuid acu i bpáirt le hEilís I Shasana.
Adhlacadh Eoghan Mac Aodhagáin (Eoin MacEgan sa Bhéarla), Easpag tofa an Rosa, sa mhainistir sa bhliain 1603. Maraíodh é ag troid i gcoinne fhorsaí Bhanríon Shasana.
Cuireadh le traidisiún léinn na mainistreach nuair a bunaíodh an Scoil Fealsúnachta (1620) agus nuair a tháinig Micheál Ó Cléirigh, duine de na Ceithre Máistrí, chun cóipeáil as Leabhar Leasa Móire. Mhéadaigh ar ghradam na mainistreach nuair a cuireadh Cailís Thigh Molaige á déanamh i Londain. Cailleadh an chailís sin ach thángthas uirthi arís ar Oileán Chléire sna 1850idí.
Dhóigh saighdiúirí Chromail an mhainistir sa bhliain 1642. Tá sí ina fothrach ó shin ach tá an chuid is mó dá struchtúr fós ina sheasamh.
Sa bhliain 1813 chum Seán Ó Coileáin Machnamh an Duine Dhoilíosaigh (Caoineadh Thigh Molaige), dán ina gcaointear toghail na mainistreach.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhartha eolais de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí atá lasmuigh den mhainistir.