Seán Ó Coileáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Coileáin
Beathaisnéis
Breith20 haois
Floruit1966
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is scríbhneoir agus léachtóir é Seán Ó Coileáin MA (N.U.I.) AM (Harv) PhD (Harv) ó Bheanntraí, Co. Chorcaí.

Bhain sé a chéim B.A. agus a chéim M.A. amach i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh agus a chéim dochtúireacht i Ollscoil Harvard sna Stáit Aontaithe. Ghnóthaigh Scoláireacht Chiste Theach an Ard-Mhéara (1966) agus Staidéaracht Taistil Ollscoil na hÉireann (1967). Thug tréimhse na Staidéarachta in Ollscoil Harvard mar a raibh sé ina mhac léinn ag John Kelleher agus ag Albert Lord. Is ann a bronnadh an dochtúireacht air sa bhliain 1972; b'é ábhar an tráchtais aige The Guaire cycle: a study in Irish tradition.

Seal ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i gCorcaigh ina dhiaidh sin; seal eile ina ollamh le Léann na hÉireann i Harvard; é ina ollamh i gCorcaigh ó shin. Ollamh na Nua Ghaeilge ab ea é i gColáiste na hOllscoile le blianta go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2006.

Plé aige le gnéithe éagsúla de thraidisiún léinn agus liteartha na Gaeilge; spéis fé leith sa litríocht bhéil aige, go háirithe sa chaointeoireacht. Mhol an Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach príomhdhuais liteartha na bliana 1984 a thabhairt dó as an leabhar "Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar". Suim á chur le fada aige i litríocht an Bhlascaoid; as san a tháinig an cóiriú nua atá déanta ar An tOileánach aige (2002).

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (An Clóchomhar Tta., 1982) (xiv + 417 lgh.). Bhuaigh an saothar duais liteartha an Irish-American Cultural Institute, 1984.
  • Pádraig de Brún, Seán Ó Coileáin, Pádraig Ó Riain (eag.), Folia Gadelica [Féilscríbhinn in ómós do R. A. Breatnach] (Cork University Press, 1983). xiv + 201 lgh.
  • Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir, Seán Ó Coileáin (eag.), Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (An Clóchomhar Tta., 2000) (ix + 378 lgh).
  • Seán Ó Coileáin (eag.), An tOileánach le by Tomás Ó Criomhthain (Cló Talbóid, 2002) (xlvi + 346 lgh).

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'The structure of a literary cycle', Ériu xxv (1974), 88-125.
  • 'The making of Tromdám Guaire', Ériu xxviii (1977), 32-67.
  • 'Oral or literary? Some strands of the argument', Studia Hibernica 17-18 (1978), 7-35.
  • 'A thematic study of the tale Pwyll Pendeuic Dyuet', Studia Celticia xii-xiii (1978), 78-82. Athfhoilsithe in / republished in C.W. Sullivan III (eag.)., The Mabinogi: a book of essays (Garland: NewYork and London, 1996), 145-51.
  • 'Irish saga literature', in Felix J. Oinas (eag.), Heroic Epic and Saga (Indiana Univ. Pr., 1978), 172-192.
  • 'Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus an Seabhac', in Seán Ó Mórdha (eag.), Scríobh 4 (An Clóchomhar Tta., 1979), 159-187. Breandán Ó Conaire (eag.), Tomás an Bhlascaoid (Cló Iar-Chonnachta, 1992), 233-65.
  • 'Seán Ó Ríordáin: an fhoirm agus an focal', in Eoghan Ó hAnluain, eag., An duine is dual (An Clóchomhar Tta., 1980), 61-89.
  • 'An aigne leapan', in Seán Ó Mórdha (eag.), Scríobh 5 (An Clóchomhar Tta., 1981), 33-43.
  • 'Some problems of story and history', Ériu xxxii (1981), pp. 115-136.
  • 'The saint and the king', in Pádraig de Brún, Seán Ó Coileáin, Pádraig Ó Riain (eag.), Folia Gadelica (Cork University Press, 1983), 36-46.
  • 'Irish Literature', in Joseph R. Strayer (eag.), Dictionary of the Middle Ages, Vol.6 (Charles Scribner's Sons, New York, 1985), 521-33.
  • 'Tromdhámh Ghuaire: an aoir agus an insint', in Pádraig Ó Fiannachta (eag.), Léachtaí Cholm Cille xvii (1988), 20-38.
  • 'The Irish lament: an oral genre', Studia Hibernica 24 (1984-88), 97-117.
  • 'A crux in Aislinge Óengusso', Celtica xx (1988), 167-8.
  • 'Mag Fuithirbe revisited', Éigse xxiii (1989), 16-26.
  • 'An tOileánach', in Aogán Ó Muircheartaigh (eag. / ed.), Oidhreacht an Bhlascaoid (Coiscéim, 1989), 192-207.
  • 'An bheatha agus an saothar', Irisleabhar Mhá Nuad, 1990, 7-30.
  • 'Echtrae Nerai and its analogues', Celtica xxi (1990), 427-40.
  • 'Place and placenames in Fianaigheacht', Studia Hibernica 27 (1993), 45-60.
  • 'An tOileánach - ón láimh go dtí an leabhar', in Máire Ní Chéilleachair (eag.), Tomás Ó Criomhthain 1855-1937 (An Sagart, 1998), 25-43.
  • 'Gnéithe de nualitríocht na Gaeilge', in Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir, Seán Ó Coileáin (eag.), Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (An Clóchomhar Tta., 2000), 359-78.
  • 'Society and scholarship: Irish in the modern world', in Máire Herbert agus Kevin Murray (eag. Retrospect and prospect in Celtic Studies: Proceedings of the 11th International Congress of Celtic Studies held in university College, Cork, 25-31 July 1999 (Four Courts Press, 2003), 45-56.
  • 'The setting of Géisid cúan' i J. Carey, M. Herbert agus K. Murray (ed.), Cín Chille Cúile: texts, saints and places - essays in honour of Pádraig Ó Riain (Celtic Studies Publications, Aberystwyth, 2004), 234-48.
  • Eagarthóir comhairleach Gaeilge ag an / Advisory Irish-language editor for Oxford Companion to Irish Literature (eag. Robert Welch, Oxford 1996); údar 11 alt ann: Scéla Cano meic Gartáin, Caithréim Cellaig, Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Muiris mac Dáibhí Dhuibh Mhic Gearailt, Dáibhí Ó Bruadair, Tomás Ó Criomhthain, An tOileánach, Peig Sayers, Muiris Ó Súilleabháin, Fiche Bliain ag Fás, Standish Hayes O'Grady.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]