Maighnéadón Bohr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Móimint mháighnéadach an leictreoin a fhaightear ó mheicnic chandamach choibhneasaíoch, ag glacadh an leictreoin mar phonc-cháithnín.

Ainmnithe as Niels Bohr. Is é μB a shiombail. μB = e h/(2 π m), mar arb é e lucht an leictreoin, m mais an leictreoin, agus h tairiseach Planck. μB = 9.274 × 10-24 J T-1 (giúil in aghaidh an teisle).

Bíonn luach na móiminte maighnéadaí a thomhaistear rud beag difriúil ón luach seo, a thairgeann gur gá ceartúcháin sa mheicnic chandamach. Sainmhínítear an maighnéatrón núicléach (μN) ar an dóigh chéanna, ach mais an phrótóin in ionad mais an leictreoin: μN = e h/(2 π mp) = 5.051 × 10-27 J T-1.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéatrón Bohr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 82.